+Airteagal 20 An réamheolaire a ghrinnscrúdú agus a fhormheas
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
---+Airteagal 20 6.
---+Airteagal 20 6a.
---+Airteagal 20 7.
---+Airteagal 20 8.
---+Airteagal 20 9.
---+Airteagal 20 10.
---+Airteagal 20 11.
---+Airteagal 20 12.
|
Airteagal 20 An réamheolaire a ghrinnscrúdú agus a fhormheas
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Ní dhéanfar réamheolaire a fhoilsiú ach amháin má tá sé formheasta ag an údarás ábhartha inniúil, nó má tá gach cuid de formheasta ag an údarás ábhartha inniúil i gcomhréir le hAirteagal 10.
|
|
Airteagal 20 2.
|
Laistigh de 10 lá oibre ón dáta a chuirfear isteach an dréacht-réamheolaire, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoina chinneadh maidir le formheas an réamheolaire don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.
▼M5
I gcás nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh maidir leis an réamheolaire laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo agus i míreanna 3, 6 agus 6a, tabharfaidh an t-údarás inniúil sin fógra don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí isteach urrúis chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus do ÚEUM faoi na cúiseanna nár éirigh leis teacht ar chinneadh. Ní mheasfar, áfach, i gcás nár éirigh leis, gurb ionann sin agus an t-iarratas a fhormheas.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar aon mhainneachtain de chuid na n-údarás inniúil na teorainneacha ama a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo agus i míreanna 3, 6, agus 6a a chomhlíonadh.
Poibleoidh ÚEUM ar bhonn bliantúil tuarascáil chomhiomlán maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na húdaráis inniúla na teorainneacha ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus i míreanna 3, 6 agus 6a.
▼B
Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM go bhfuil an réamheolaire agus aon fhorlíonadh ann formheasta, a luaithe is féidir agus aon nós tráth nach déanaí ná deireadh an chéad lá oibre tar éis an fógra sin a bheith tugtha don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Déanfar an teorainn ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2 a fhadú go 20 lá oibre i gcás ina mbaineann an tairiscint don phobal le hurrúis arna n-eisiúint ag eisitheoir nár ligeadh aon urrúis dá chuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus nár thairg urrúis don phobal cheana.
Ní bheidh an teorainn ama 20 lá oibre infheidhme ach amháin maidir leis an gcéad uair a chuirtear an dréacht-réamheolaire isteach. I gcás inar gá an réamheolaire a chur isteach arís ina dhiaidh sin i gcomhréir le mír 4, beidh feidhm ag an teorainn ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2.
|
|
Airteagal 20 4.
|
I gcás ina suíonn an t-údarás inniúil nach gcomhlíonann an dréacht-réamheolaire na caighdeáin iomláine, sothuigtheachta agus chomhsheasmhachta is gá chun é a fhormheas agus/nó i gcás ina bhfuil gá le hathruithe nó le faisnéis fhorlíontach:
(a)
tabharfaidh sé fógra don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faoi sin go pras, agus ar a dhéanaí laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2 nó, de réir mar is infheidhme, de mhír 3, arna ríomh ón dáta a cuireadh isteach an dréacht-réamheolaire agus/nó an fhaisnéis fhorlíontach; agus
(b)
sonróidh sé na hathruithe nó an fhaisnéis fhorlíontach sin is gá ar bhealach soiléir.
I gcásanna mar sin, ní bheidh an teorainn ama a leagtar amach sa cheád fhomhír de mhír 2 infheidhme ach ón tráth a cuireadh isteach dréacht-réamheolaire athbhreithnithe nó an fhaisnéis fhorlíontach a iarradh chuig an údarás inniúil.
|
|
Airteagal 20 5.
|
I gcás nach bhfuil an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte in ann nó toilteanach na hathruithe riachtanacha a dhéanamh nó an fhaisnéis bhreise a iarradh a chur ar fáil i gcomhréir le mír 4, beidh an t-údarás inniúil i dteideal formheas a dhiúltú don réamheolaire agus deireadh a chur leis an bpróiseas athbhreithnithe. I gcás mar sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faoina chinneadh agus sonróidh sé na cúiseanna a bhí leis an diúltú sin.
|
|
Airteagal 20 6.
|
De mhaolú ar mhír 2 agus mír 4, laghdófar na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2 agus i mír 4 go cúig lá oibre i gcás réamheolairí ina bhfuil doiciméid ar leithligh arna dtarraingt suas ag eisitheoirí rialta dá dtagraítear in Airteagal 9(11), lena n-áirítear eisitheoirí rialta a úsáideann an nós imeacht fógra dá bhforáiltear in Airteagal 26. Tabharfaidh an t-eisitheoir rialta fógra don údarás inniúil cúig lá oibre ar a laghad roimh an dáta atá beartaithe an t-iarratas ar fhormheas a chur isteach.
Cuirfidh an t-eisitheoir rialta chuig an údarás inniúil iarratas ina mbeidh na leasuithe is gá ar an doiciméad clárúcháin uilíoch, más infheidhme, ar nóta mínithe na n-urrús agus ar an achoimre a cuireadh isteach lena bhformheas.
|
|
Airteagal 20 6a.
|
De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 4 den Airteagal seo, déanfar na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 2, an chéad fhomhír, agus i mír 4 a laghdú go 7 lá oibre i gcás réamheolaire leantach AE atá faoi réir an uasfhaid dá dtagraítear in Airteagal 14a(5) agus (6). Cuirfidh an t-eisitheoir an t-údarás inniúil ar an eolas 5 lá oibre ar a laghad roimh an dáta atá beartaithe an t-iarratas ar fhormheas a chur isteach. Ní bheidh feidhm ag an teorainn ama laghdaithe a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo maidir le réamheolaire leantach AE arna tharraingt suas ag eisitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 14a(1), pointe (c).
|
|
Airteagal 20 7.
|
D'fhonn formheas éifeachtúil agus tráthúil na réamheolairí a éascú, déanfaidh na húdaráis inniúla treoir maidir leis an bpróiseas grinnscrúdaithe agus formheasa a chur ar fáil ar a gcuid suíomhanna gréasáin. Beidh pointí teagmhála chun críche formheasa i dtreoir den sórt sin. Beidh an deis ag an eisitheoir, an táirgeoir, an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó an duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas dul i dteagmháil go díreach le foireann an údaráis inniúil le linn phróiseas formheasa an réamheolaire agus déileáil a bheith aige leis an bhfoireann sin.
|
|
Airteagal 20 8.
|
Arna iarraidh sin don eisitheoir, don tairgeoir, nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an nós imeachta formheasa i ndáil le réamheolaire a aistriú chuig údarás inniúil i mBallstát eile ar choinníoll go dtugtar fógra roimh ré do ÚEUM agus go gcomhaontaíonn an t-údarás inniúil eile sin leis an aistriú sin. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile na doiciméid chomhdaithe a aistriú i bhfoirm leictreonach chuig údarás inniúil an Bhallstáit eile, mar aon leis an gcinneadh uaidh an t-aistriú a dheonú, ar lá céanna an chinnidh. Cuirfear an t-aistriú sin in iúl, laistigh de thrí lá oibre ón dáta a dhéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cinneadh, don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Beidh feidhm ag teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2 agus i mír 3 amhail ón dáta a ghlacann údarás inniúil an Bhallstáit baile an cinneadh. Ní bheidh Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 infheidhme maidir le formheas an réamheolaire a aistriú i gcomhréir leis an mír seo. Nuair a bheidh aistriú an nós imeachta formheasa críochnaithe, measfar gurb é údarás inniúil ar aistríodh an nós imeachta formheasa chuige údarás inniúil an Bhallstáit baile i ndáil leis an réamheolaire sin chun críocha an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 20 9.
|
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do dhliteanas an údaráis inniúil, agus leanfaidh an dliteanas sin de bheith faoi rialú an dlí náisiúnta agus faoi sin amháin.
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh a bhforálacha náisiúnta maidir le dliteanas údarás inniúil infheidhme ach amháin i leith réamheolairí a d'fhormheas a n-údarás inniúil féin.
|
|
Airteagal 20 10.
|
Leibhéal na dtáillí a ghearrann údarás inniúil an Bhallstáit baile i leith réamheolairí a fhormheas agus doiciméid atá ceaptha a bheith ina gcuid de réamheolairí i gcomhréir le hAirteagal 10 nó ina bhforlíonadh do réamheolairí, a fhormheas, agus i leith doiciméid clárúcháin uilíoch, leasuithe orthu agus téarmaí críochnaitheacha a chomhdú, beidh siad réasúnach agus comhréireach agus déanfar iad a chur in iúl don phobal, ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil ar a laghad.
|
|
Airteagal 20 11.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir maidir le réamheolairí a ghrinnscrúdú a shonrú, go háirithe iomláine, intuigtheacht agus comhsheasmhacht na faisnéise atá ann, agus na nósanna imeachta maidir leis an réamheolaire a fhormheas, agus gach ceann díobh seo a leanas:
(a)
na himthosca ina bhfuil cead ag údarás inniúil critéir bhreise a úsáid chun an réamheolaire a ghrinnscrúdú, i gcás ina meastar gur gá sin ar mhaithe le cosaint infheisteoirí;
(b)
na himthosca faoina gceadaítear d’údarás inniúil, i gcás ina meastar gur gá sin ar mhaithe le cosaint infheisteoirí, faisnéis a éileamh sa bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagail 6, 13, 14a, agus 15a chun réamheolaire, réamheolaire leantach AE nó réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas, lena n-áirítear an cineál faisnéise breise a nochtfar faoi na critéir bhreise dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo;
(c)
an uastréimhse ama d’údarás inniúil chun grinnscrúdú an réamheolaire a thabhairt chun críche agus teacht ar chinneadh i dtaobh ar formheasadh an réamheolaire sin nó ar diúltaíodh an formheas, agus ar cuireadh deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe, agus coinníollacha maidir le maoluithe a d’fhéadfadh a bheith ann ón tréimhse ama sin.
Leis an uastréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo, cuirfear san áireamh pointe (a) den fhomhír sin, meánlíon na n-atreoruithe idir an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine a iarrann go ligfí isteach é chun bheith ag trádáil ar mhargadh rialáilte agus an t-údarás inniúil laistigh den iarratas céanna ar dhréacht-réamheolaire a fhormheas, agus na tréimhsí ama a leagtar síos i míreanna 2, 3, 4, 6 agus 6a. I gcás nach n-éiríonn leis an údarás inniúil cinneadh a dhéanamh maidir leis an réamheolaire laistigh den uastréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo, ní mheasfar gur formheas ar an iarratas atá sa mhainneachtain sin.
|
|
Airteagal 20 12.
|
Úsáidfidh ÚEUM a chumhachtaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn maidir le próisis ghrinnscrúdaithe agus fhormheasa na n-údarás inniúil nuair a bheidh iomláine, sothuigtheacht agus comhsheasmhacht na faisnéise atá i réamheolaire á measúnú acu. Chun na críche sin, forbróidh ÚEUM treoirlínte a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla maidir le maoirseacht agus forghníomhú i ndáil le réamheolairí, lena gcumhdaítear scrúdú a dhéanamh ar chomhlionadh an Rialacháin seo agus le haon ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacfar dá bhun. Cuirfidh ÚEUM cóineasú chun cinn, go háirithe, maidir le héifeachtúlacht, modhanna agus uainiú an ghrinnscrúdaithe a dhéanann na húdaráis inniúla ar an bhfaisnéis a thugtar i réamheolaire, agus úsáid á baint go háirithe as na hathbhreithnithe piaraí de bhun mhír 13.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|