Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na forálacha i ndáil le fógráin a leagtar síos i mír 2 go mír 4 a shonrú tuilleadh, lena n-áirítear na forálacha a shonrú i ndáil le scaipeadh fógrán agus nósanna imeachta a bhunú maidir leis an gcomhar idir údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit ina bhfuil na fógráin á scaipeadh.
▼B
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Iúil 2018.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.