+Airteagal 22 Fógráin
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.
---+Airteagal 22 6.
---+Airteagal 22 7.
---+Airteagal 22 8.
---+Airteagal 22 9.
---+Airteagal 22 10.
---+Airteagal 22 11.
|
Airteagal 22 Fógráin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22 1.
|
►C1
Gach fógrán a bhaineann le hurrúis ◄ a bheith á dtairiscint don phobal nó le hurrúis a bheith á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, comhlíonfaidh sí na prionsabail i míreanna 2 go 5. Ní bheidh feidhm ag mír 2 go mír 4 agus i bpointe (b) de mhír 5 ach amháin maidir le cásanna inar faoi réir na hoibleagáide maidir le réamheolaire a tharraingt suas atá an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.
|
|
Airteagal 22 2.
|
Tabharfaidh fógráin le fios gur foilsíodh nó go bhfoilseofar réamheolaire agus an áit a bhfuil nó a mbeidh infheisteoirí in ann é a fháil.
|
|
Airteagal 22 3.
|
Más fógráin atá ann beidh sé le haithint go soiléir orthu gurb ea. Ní bheidh an fhaisnéis a chuirfear ar fáil i bhfógrán míchruinn ná míthreorach agus beidh sí comhsheasmhach leis an bhfaisnéis atá sa réamheolaire, freisin, má foilsíodh cheana é, nó leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a bheith sa réamheolaire, nuair atá an réamheolaire fós le foilsiú.
|
|
Airteagal 22 4.
|
Gach faisnéis a nochtfar ó bhéal nó i scríbhinn, fiú murar chun críche fógraíochta é, i ndáil le hurrúis a bheith á dtairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, beidh sí comhsheasmhach leis an t-eolas atá sa réamheolaire.
|
|
Airteagal 22 5.
|
I gcás ina dhéantar faisnéis substainte a nochtadh ag eisitheoir nó ag tairgeoir agus í dírithe ar infheisteoir roghnaithe amháin nó níos mó, i bhfoirm labhartha nó i scríbhinn, déanfar faisnéis den sórt sin, de réir mar is infheidhme,;
(a)
a nochtadh do na hinfheisteoirí eile go léir a bhfuil an tairiscint dírithe orthu, i gcás nach gceanglaítear réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 1(4) nó (5); nó
(b)
a áireamh sa réamheolaire nó i bhforlíonadh ar an réamheolaire i gcomhréir le hAirteagal 23(1), i gcás ina gceanglaítear réamheolaire a fhoilsiú.
|
|
Airteagal 22 6.
|
Beidh sé de chumhacht ag údarás inniúil an Bhallstáit ina scaiptear na fógráin rialú a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann gníomhaíochtaí fógraíochta, a bhaineann le hurrúis a bheith á dtairiscint don phobal nó a bheith á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, lemír 2 go mír 4.
I gcás inar gá, beidh údarás inniúil an Bhallstáit baile de chúnamh ag údarás inniúil an Bhallstáit ina scaiptear na fógráin maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na bhfógrán leis an bhfaisnéis atá sa réamheolaire.
Gan dochar d'Airteagal 32(1), ní bheidh sé mar réamhchoinníoll chun na hurrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála in aon Bhallstát óstach go gcaithfidh údarás inniúil grinnscrúdú a dhéanamh ar na fógráin.
Maidir le leas a bhaint as aon cheann de na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha a leagtar amach in Airteagal 32 i ndáil le forfheidhmiú an Airteagail seo ag údarás inniúil Ballstáit óstaigh, déanfar é a chur in iúl gan moill mhíchuí don údarás inniúil an Bhallstáit baile an eisitheora.
|
|
Airteagal 22 7.
|
Ní féidir le húdaráis inniúla na mBallstát óstaigh táillí a ghearradh ach amháin táillí i ndáil lena gcúraimí maoirseachta de bhun an Airteagail. Déanfar leibhéal na dtáillí a nochtadh ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil. Beidh na táillí sin neamh-idirdhealaitheach, réasúnach agus i gcomhréir leis an gcúram maoirseachta. Ní fhorchuirfidh údaráis inniúla na mBallstát óstaigh aon cheanglais nó nósanna imeachta riaracháin sa bhreis ar na cinn a bhfuil gá leo chun a gcuid cúraimí maoirseachta a fheidhmiú de bhun an Airteagail seo.
|
|
Airteagal 22 8.
|
De mhaolú ar mhír 6, chun críocha rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh gníomhaíochta fógraíochta i gcásanna trasteorann, féadfaidh aon dá údarás inniúil comhaontú a thabhairt i gcrích trínarb é údarás inniúil an Bhallstáit baile a leanfaidh den chomhlíonadh sin a rialú. Déanfar fógra a thabhairt do ÚEUM faoi aon chomhaontú den chineál sin a bheidh ann. Foilseoidh ÚEUM liosta de na comhaontuithe sin agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta go rialta.
|
|
Airteagal 22 9.
|
Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na forálacha i ndáil le fógráin a leagtar síos i mír 2 go mír 4 a shonrú tuilleadh, lena n-áirítear na forálacha a shonrú i ndáil le scaipeadh fógrán agus nósanna imeachta a bhunú maidir leis an gcomhar idir údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit ina bhfuil na fógráin á scaipeadh.
▼B
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Iúil 2018.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 22 10.
|
De bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, forbróidh ÚEUM treoirlínte agus moltaí a bheidh dírithe ar údaráis inniúla i ndáil leis an rialú a fheidhmítear faoi mhír 6 den Airteagal seo. Sna treoirlínte agus sna moltaí sin cuirfear san áireamh gur gá a áirithiú nach gcuirfidh rialú den sórt sin isteach ar fheidhmiú an nós imeachta fógra a leagtar amach in Airteagal 25, agus go laghdaítear na hualaí riaracháin ar eisitheoirí a bhfuil tairiscintí trasteorann á ndéanamh san Aontas acu.
|
|
Airteagal 22 11.
|
Tá an tAirteagal seo gan dochar d’fhorálacha eile de dhlí an Aontais is infheidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|