+Airteagal 23 Forlíonta ar an réamheolaire
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 23 4a.
---+Airteagal 23 5.
---+Airteagal 23 6.
---+Airteagal 23 7.
---+Airteagal 23 8.

Airteagal 23 Forlíonta ar an réamheolaire

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23 1.

Déanfar gach ►C1  toisc nua tábhachtach ◄ , botún substainte nó míchruinneas substainte i ndáil leis an bhfaisnéis atá i réamheolaire agus lena bhféadfaí difear a dhéanamh do mheasúnú na n-urrús agus a thagann chun cinn nó a thugtar faoi deara sa tréimhse idir tráth formheasta an réamheolaire agus dúnadh thréimhse na tairisceana, nó an tráth a chuirtear tús leis an trádáil ar mhargadh rialáilte, cibé acu is déanaí a tharlóidh, a lua, gan moill mhíchuí, i bhforlíonadh ar an réamheolaire.

Déanfar forlíonadh den chineál sin a ghlacadh ar an gcaoi chéanna a nglactar réamheolaire, laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad, agus foilseofar é de réir na socruithe céanna ar a laghad a cuireadh i bhfeidhm nuair a foilsíodh an réamheolaire bunaidh i gcomhréir le hAirteagal 21. Déanfar an achoimre, agus aon leaganacha aistrithe de, a fhorlíonadh freisin, más gá, chun an fhaisnéis nua atá san fhorlíonadh a chur san áireamh.

Airteagal 23 2.
I gcás ina mbaineann an réamheolaire le tairiscint ar urrúis don phobal, beidh sé de cheart ag infheisteoirí a d’aontaigh na hurrúis a cheannach nó a shuibscríobh sular foilsíodh an forlíonadh a nglacadh a tharraingt siar, laistigh de 2 lá oibre tar éis an forlíonadh a fhoilsiú, ar choinníoll gur tháinig an fachtóir nua tábhachtach, an botún substainte nó an míchruinneas substainte dá dtagraítear i mír 1 chun cinn nó gur tugadh faoi deara é roimh dhúnadh thréimhse na tairisceana nó roimh sheachadadh na n-urrús, cibé acu is túisce a tharlóidh. Féadfaidh an t-eisitheoir nó an tairgeoir an tréimhse sin a fhadú. Luafar san fhorlíonadh dáta deiridh an chirt chun tarraingt siar.

Beidh san fhorlíonadh ráiteas feiceálach maidir leis an gceart chun tarraingt siar, ina luaitear go soiléir an méid seo a leanas:

(a) 

ní thugtar ceart chun tarraingt siar ach amháin do na hinfheisteoirí sin a d’aontaigh na hurrúis a cheannach nó a shuibscríobh sular foilsíodh an forlíonadh agus i gcás nach raibh na hurrúis tugtha do na hinfheisteoirí fós an tráth a tháinig an toisc thábhachtach nua, an botún substainte nó an míchruinneas substainte chun solais nó an tráth ar tugadh faoi deara é;

(b) 

an tréimhse ar lena linn a fhéadann infheisteoirí an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú;

(c) 

cé leis a bhféadann na hinfheisteoirí dul i dteagmháil i gcás inar mian leo an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú.

Airteagal 23 3.

I gcás ina gceannaíonn nó ina suibscríobhann infheisteoirí urrúis trí idirghabhálaí airgeadais idir an tráth a fhormheastar an réamheolaire do na hurrúis sin agus an tráth a dhúnfar an tréimhse tairisceana tosaigh, déanfaidh an t-idirghabhálaí airgeadais sin an méid seo a leanas:

(a) 

cuirfidh sé in iúl do na hinfheisteoirí sin gur féidir forlíonadh a fhoilsiú, an áit agus an tréimhse a d’fhoilseofaí é, lena n-áirítear ar a shuíomh gréasáin, agus, sa chás sin, chuideodh an t-idirghabhálaí airgeadais leo a gceart chun glacadh a aistarraingt a fheidhmiú;

(b) 

cuirfidh sé na hinfheisteoirí sin ar an eolas faoi na cásanna sin ina rachadh an t-idirghabhálaí airgeadais i dteagmháil leo trí mhodh leictreonach de bhun an dara fomhír chun fógra a thabhairt dóibh go bhfuil forlíonadh foilsithe agus faoi réir a gcomhaontaithe go rachfaí i dteagmháil leo trí mheán leictreonach;

(c) 

maidir leis na hinfheisteoirí sin a aontaíonn nach ndéanfar teagmháil leo ach trí mhodhanna eile seachas modhanna leictreonacha, tairgfidh sé rogha dóibh maidir le teagmháil leictreonach chun an fógra maidir le foilsiú forlíonaidh a fháil agus chun na críche sin amháin;

(d) 

tabharfaidh sé rabhadh do na hinfheisteoirí sin nach n-aontaíonn go rachfaí i dteagmháil leo trí mhodh leictreonach agus a dhiúltaíonn an rogha maidir le teagmháil leictreonach dá dtagraítear i bpointe (c) chun faireachán a dhéanamh ar shuíomh gréasáin an eisitheora nó an idirghabhálaí airgeadais seiceáil a dhéanamh ar foilsíodh forlíonadh.

I gcás ina bhfuil an ceart chun tarraingt siar dá dtagraítear i mír 2 ag na hinfheisteoirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, rachaidh an t-idirghabhálaí airgeadais i dteagmháil leis na hinfheisteoirí sin trí mhodh leictreonach faoi dheireadh an chéad lae oibre tar éis an lae a fhoilseofar an forlíonadh.

I gcás ina mbeidh na hurrúis á gceannach nó á suibscríobh go díreach ón eisitheoir, cuirfidh an t-eisitheoir sin na hinfheisteoirí ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht go bhfoilseofaí forlíonadh, an áit agus an tréimhse a mbeadh sé á fhoilsiú agus go bhféadfadh go mbeadh ceart acu a nglacadh a tharraingt siar sa chás sin.

Airteagal 23 4.
I gcás ina n-ullmhaíonn an t-eisitheoir forlíonadh maidir le faisnéis sa réamheolaire bunaidh, faisnéis nach mbaineann ach le heisiúint amháin nó le roinnt eisiúintí ar leithligh, beidh feidhm ag an gceart atá ag infheisteoirí a nglacadh a tharraingt siar de bhun mhír 2 maidir leis an eisiúint nó leis na heisiúintí ábhartha agus ní bheidh feidhm acu maidir le haon eisiúint eile urrús faoin réamheolaire bunaidh.
Airteagal 23 4a.
Ní úsáidfear forlíonadh ar réamheolaire bunaidh chun cineál nua urrúis a thabhairt isteach nach bhfuil an fhaisnéis riachtanach ina leith cuimsithe sa réamheolaire bunaidh sin, ach amháin más gá déanamh amhlaidh chun ceanglais chaipitil a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta lena ndéantar dlí an Aontais a thrasuí.
Airteagal 23 5.
I gcás ina mbaineann an ►C1  toisc nua tábhachtach ◄ , botún substainte nó míchruinneas substainte dá dtagraítear i mír 1 leis an bhfaisnéis atá i ndoiciméad clárúcháin nó i ndoiciméad clárúcháin uilíoch agus léi sin amháin, agus an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch ina chuid de réamheolairí éagsúla ag an aon am amháin, ní tharraingeofar suas agus ní fhormheasfar ach forlíonadh amháin. Sa chás sin, luafar san fhorlíonadh na réamheolairí uile lena mbaineann sé.
Airteagal 23 6.
Le linn don údarás inniúil forlíonadh a ghrinnscrúdú sula ndéanfar é a fhormheas, féadfaidh sé a iarraidh go mbeidh leagan comhdhlúite den réamheolaire forlíonta, den doiciméad clárúcháin nó den doiciméad clárúcháin uilíoch le fáil in iarscríbhinn, i gcás inar gá leagan comhdhlúite den sórt sin chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis atá sa réamheolaire sothuigthe. Measfar gur iarraidh ar fhaisnéis fhorlíontach faoi Airteagal 20(4) a bheidh in iarraidh den chineál sin. Féadfaidh eisitheoir in aon chás, dá dheoin féin, leagan comhdhlúite den réamheolaire forlíonta, den doiciméad clárúcháin nó den doiciméad clárúcháin uilíoch a chur in iarscríbhinn a ghabhann leis an forlíonadh.
Airteagal 23 7.

Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun cásanna a shonrú ina bhfágfadh ►C1  toisc nua tábhachtach ◄ , botún substainte nó míchruinneas substainte i dtaobh na faisnéise sa réamheolaire gur gá forlíonadh a fhoilsiú leis an réamheolaire.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Iúil 2018.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 23 8.
Forbróidh ÚEUM treoirlínte faoin 5 Meitheamh 2026 chun na himthosca a shonrú ina measfar go dtugtar isteach le forlíonadh cineál nua urrúis nach bhfuil tuairisc air cheana i réamheolaire bunaidh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.