|
+Airteagal 26 2. |
Airteagal 26 2.Arna iarraidh sin don eisitheoir, don tairgeoir, don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó don duine atá freagrach as an doiciméad sin a tharraingt suas, déanfaidh an t-údarás inniúil a d’fhormheas doiciméad clárúcháin nó doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air fógra a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit baile i leith fhormheas an réamheolaire, le deimhniú formheasa lena bhfianaítear go ndearnadh an doiciméad clárúcháin, nó an doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air, a tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le cóip leictreonach den doiciméad sin. Tabharfar an fógra sin laistigh de lá oibre amháin tar éis an iarraidh a fháil nó, i gcás inar cuireadh an iarraidh isteach in éineacht leis an dréachtdoiciméad clárúcháin nó dréachtdoiciméad clárúcháin uilíoch, laistigh d’aon lá oibre amháin tar éis an doiciméad sin a bheith formheasta. I gcás inarb infheidhme, beidh ag dul leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír aistriúchán den doiciméad clárúcháin nó den doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air agus is faoi fhreagracht an eisitheora, an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó an duine atá freagrach as doiciméid den sórt sin a tharraingt suas a dhéanfar an t-aistriúchán sin. Déanfar fógra faoin deimhniú formheasa a thabhairt don eisitheoir, don tairgeoir, don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó don duine atá freagrach as an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air a tharraingt suas an tráth céanna agus a thabharfar fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit is ósta faoi fhormheas an réamheolaire. Beidh cur i bhfeidhm fhorálacha Airteagal 18(1) agus (2) luaite sa deimhniú, mar aon leis an údar atá leis an gcur i bhfeidhm sin. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM fógra faoin deimhniú formheasa a thabhairt don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá freagrach as an doiciméad clárúcháin, nó an doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air, a tharraingt suas an tráth céanna agus a thabharfar fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit is ósta faoi fhormheas an réamheolaire. Ní ghearrfaidh na húdaráis inniúla sin aon táille as fógra a thabhairt nó a fháil faoi na doiciméid chlárúcháin, nó doiciméid clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar orthu, ná as aon ghníomhaíocht mhaoirseachta ghaolmhar. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|