+Airteagal 33 Comhar idir údaráis inniúla
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 4.
---+Airteagal 33 5.
---+Airteagal 33 6.
---+Airteagal 33 7.
|
Airteagal 33 Comhar idir údaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 1.
|
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le chéile agus le ÚEUM chun críocha an Rialacháin seo. Malartóidh siad faisnéis, gan moill mhíchuí, agus comhoibreoidh siad i ngníomhaíochtaí imscrúdúcháin, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin.
I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 38, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo, áiritheoidh siad go mbeidh na bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí riachtanacha ag na húdaráis inniúla comhoibriú leis na húdaráis bhreithiúnacha ina ndlínse chun an fhaisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe coiriúla nó le himeachtaí a tionscnaíodh i gcás sáruithe féideartha ar an Rialachán seo agus leis an bhfaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis inniúla eile agus do ÚEUM lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le comhoibriú le chéile agus le ÚEUM chun críocha an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 33 2.
|
Féadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarratas ar fhaisnéis nó de bhun iarratas comhoibriú le himscrúdú in aon cheann de na himthosca eisceachtúla seo a leanas amháin:
(a)
i gcás inar dóchúil go ndéanfaí dochar dá imscrúdú féin, dá ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin féin nó d'imscrúdú coiriúil, dá gcomhlíonfaí an iarraidh;
(b)
i gcás ina ndearnadh imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh cheana féin i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna os comhair údaráis an Bhallstáit ar díríodh an iarraidh sin chuige;
(c)
i gcás inar tugadh breithiúnas críochnaitheach cheana féin i ndáil leis na daoine sin agus ag éirí as na gníomhaíochtaí céanna sa Bhallstát ar díríodh an iarraidh chuige.
|
|
Airteagal 33 3.
|
Déanfaidh údaráis inniúla, arna iarraidh sin orthu, aon fhaisnéis atá ag teastáil chun críocha an Rialacháin seo a thabhairt gan mhoill.
|
|
Airteagal 33 4.
|
Féadfaidh údarás inniúil cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil i mBallstát eile i leith cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair.
Cuirfidh údarás inniúil a iarrann cúnamh ÚEUM ar an eolas faoi aon iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás cigireacht ar an láthair nó imscrúdú a bhfuil éifeacht trasteorann leis nó léi, déanfaidh ÚEUM an chigireacht ar an láthair nó imscrúdú a chomhordú i gcás ina n-iarrann ceann de na húdaráis inniúla air é sin a dhéanamh.
I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit eile cigireacht ar an láthair nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh sé ceann ar bith díobh seo a leanas a dhéanamh:
(a)
cigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh as a stuaim féin;
(b)
cead a thabhairt don údarás inniúil a thíolaic an iarraidh páirt a ghlacadh i gcigireacht nó in imscrúdú ar an láthair;
(c)
cead a thabhairt don údarás inniúil a thíolaic an iarraidh cigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh as a stuaim féin;
(d)
iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh leis an gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh:
(e)
cúraimí ar leith a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile.
|
|
Airteagal 33 5.
|
Féadfaidh na húdaráis inniúla a chur ar aghaidh chuig ÚEUM cásanna inar diúltaíodh d’iarraidh ar chomhar, go háirithe maidir le faisnéis a mhalartú, nó nár tugadh aghaidh uirthi laistigh de thráth réasúnach. Gan dochar d'Airteagal 258 CFAE, féadfaidh ÚEUM, sna cásanna dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo, gníomhú i gcomhréir leis an gcumhacht a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 33 6.
|
Féadfaidh ÚEUM, nó i gcás ina n-iarrann an Coimisiún amhlaidh, déanfaidh sé, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le malartú idir údaráis inniúla i gcomhréir le fomhír 1 a shonrú.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 33 7.
|
Féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú le haghaidh comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|