|
+Airteagal 39 1. |
Airteagal 39 1.Agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí agus na mbeart riaracháin eile á sainiú acu, cuirfidh údaráis inniúla na cúinsí ábhartha go léir san áireamh, lena n-áirítear, más iomchuí, na nithe seo a leanas:
(a)
tromchúis agus fad an tsáraithe;
(b)
méid freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(c)
acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar a léiríonn láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;
(d)
an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;
(e)
méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(f)
a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
(g)
sáruithe roimhe sin ag an duine atá freagrach as an sárú;
(h)
bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú, i ndiaidh an tsáraithe, chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|