+Airteagal 42 2.

Airteagal 42 2.

Má mheasann an t-údarás inniúil go bhfuil foilsiú chéannacht na n-eintiteas dlítheanach, nó chéannacht nó shonraí pearsanta na ndaoine nádúrtha, míréireach, mar gheall ar mheasúnú cás ar chás a rinneadh maidir le comhréireacht fhoilsiú na sonraí sin nó i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó aon imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol leis an bhfoilsiú sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe seo a leanas:

(a) 

cuirfidh siad siar fhoilsiú an chinnidh chun smachtbhanna nó beart a fhorchur i gcás go dtagann deireadh le cúiseanna a neamhfhoilsithe;

(b) 

an cinneadh smachtbhanna nó beart a fhorchur a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, ar bhealach atá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má áirithítear le foilsiú anaithnid dá leithéid cosaint éifeachtach ar na sonraí pearsanta lena mbaineann;

(c) 

ní fhoilseoidh siad an cinneadh maidir le smachtbhanna nó beart a fhorchur i gcás ina meastar nach leor na roghanna a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(i) 

nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;

(ii) 

comhréireacht fhoilsiú na gcinntí sin maidir le bearta a mheastar a bheith gan mórán tábhachta.

I gcás cinneadh smachtbhanna nó beart a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, amhail dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur ar fionraí ar feadh tréimhse réasúnta ama i gcás ina bhforáiltear go gcuirfear deireadh leis na cúiseanna atá leis an bhfoilsiú anaithnid le linn na tréimhse sin;

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.