+Airteagal 43 Smachtbhannaí a thuairisciú do ÚEUM
---+Airteagal 43 1.
---+Airteagal 43 2.
---+Airteagal 43 3.
|
Airteagal 43 Smachtbhannaí a thuairisciú do ÚEUM
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 43 1.
|
Tabharfaidh an t-údarás inniúil, ar bhonn bliantúil, faisnéis chomhiomlán do ÚEUM maidir leis na smachtbhannaí riaracháin nó na bearta riaracháin eile go léir a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 38. Déanfaidh ÚEUM an fhaisnéis sin a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.
I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 38(1), smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh a n-údarás inniúil sonraí, gan tréithe pearsanta luaite iontu agus iad comhiomlánaithe, a chur ar fáil do ÚEUM, ar bhonn bliantúil, maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na smachtbhannaí coiriúla uile a forchuireadh. Déanfaidh ÚEUM sonraí maidir leis na smachtbhannaí coiriúla a forchuireadh a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.
|
|
Airteagal 43 2.
|
I gcás ina bpoiblíonn an t-údarás inniúil smachtbhannaí riaracháin,, bearta riaracháin eile, nó smachtbhannaí coiriúla don phobal déanfaidh sé na smachtbhannaí nó na bearta riaracháin eile sin a thuairisciú, an tráth céanna, do ÚEUM.
|
|
Airteagal 43 3.
|
Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEUM ar an eolas faoi na smachtbhannaí nó na bearta riaracháin eile uile a forchuireadh ach nár foilsíodh i gcomhréir le pointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 42(2), lena n-áirítear aon achomharc i ndáil leo sin agus an toradh a bhí orthu. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis agus an breithiúnas críochnaitheach i ndáil le haon smachtbhanna coiriúil a forchuireadh agus go gcuirfear an méid sin faoi bhráid ÚEUM. Chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus chun na críche sin amháin, coinneoidh ÚEUM bunachar lárnach sonraí de na smachtbhannaí a cuireadh in iúl dó. Is ag na húdaráis inniúla amháin a mbeidh rochtain ar an mbunachar sonraí sin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a chuireann na húdaráis inniúla ar fáil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|