Tabharfaidh an t-údarás inniúil, ar bhonn bliantúil, faisnéis chomhiomlán do ÚEUM maidir leis na smachtbhannaí riaracháin nó na bearta riaracháin eile go léir a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 38. Déanfaidh ÚEUM an fhaisnéis sin a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.
I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 38(1), smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh a n-údarás inniúil sonraí, gan tréithe pearsanta luaite iontu agus iad comhiomlánaithe, a chur ar fáil do ÚEUM, ar bhonn bliantúil, maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na smachtbhannaí coiriúla uile a forchuireadh. Déanfaidh ÚEUM sonraí maidir leis na smachtbhannaí coiriúla a forchuireadh a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.