+Airteagal 48 Athbhreithniú
---+Airteagal 48 1.
---+Airteagal 48 2.
---+Airteagal 48 2a.
---+Airteagal 48 3.
---+Airteagal 48 4.
|
Airteagal 48 Athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 48 1.
|
Faoin 31 Nollaig 2028 cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.
|
|
Airteagal 48 2.
|
Beidh measúnú sa tuarascáil ar, inter alia, an bhfuil achoimre an réamheolaire, na córais nochta a leagtar amach in Airteagail 14a agus 15a, an doiciméad clárúcháin uilíoch dá dtagraítear in Airteagal 9 agus an creat do ghrinnscrúdú agus formheas an réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 20, i measc nithe eile, iomchuí fós i bhfianaise na gcuspóirí atá acu. Beidh an méid seo a leanas ar fad sa tuarascáil:
(a)
líon réamheolairí eisiúna fáis AE arna dtarraingt suas ag daoine atá i ngach ceann de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 15a(1), an chéad fhomhír, pointí (a) go (d), agus anailís ar éabhlóid gach lín den sórt sin agus ar na treochtaí i roghnú ionad trádála ag na daoine atá i dteideal úsáid a bhaint as an réamheolaire eisiúna fáis AE;
(b)
anailís ar cibé acu a aimsítear nó nach n-aimsítear, a bhuí leis an réamheolaire eisiúna fáis AE, cothromaíocht chuí idir cosaint infheisteoirí agus an t-ualach riaracháin a laghdú do na daoine atá i dteideal é a úsáid;
(c)
líon na réamheolairí leantacha AE arna bhformheas agus anailís ar éabhlóid lín den sórt sin;
(d)
anailís ar cibé acu a aimsítear nó nach n-aimsítear, a bhuí leis an réamheolaire leantach AE, an chothromaíocht chuí idir cosaint infheisteoirí agus na hualaí riaracháin a laghdú do na daoine atá i dteideal é a úsáid;
(e)
an costas a bhainfeadh le réamheolaire leantach AE agus réamheolaire eisiúna fáis AE a ullmhú agus a fhormheas i gcomparáid leis na costais reatha a bhaineann le réamheolaire caighdeánach a ullmhú agus a fhormheas, mar aon le léiriú ar an gcoigilteas airgeadais a baineadh amach ar an iomlán agus na costais a d’fhéadfaí a laghdú a thuilleadh i gcás an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE;
(f)
anailís ar cibé acu a aimsítear nó nach n-aimsítear leis an doiciméad a leagtar amach in Iarscríbhinn IX cothromaíocht chuí idir cosaint infheisteoirí agus an t-ualach riaracháin a laghdú do na daoine atá i dteideal é a úsáid;
(g)
anailís ar cibé acu a áirithíonn nó nach n-áirithíonn nósanna imeachta grinnscrúdaithe agus formheasa na n-údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 20 agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar bhonn an Airteagail sin, leibhéal cóineasaithe maoirseachta cuí ar fud an Aontais agus an bhfuil siad fós iomchuí i bhfianaise a gcuspóirí; beidh anailís den sórt sin bunaithe ar thuarascáil arna soláthar ag ÚEUM tráth nach déanaí ná bliain amháin roimh dháta na tuarascála athbhreithnithe ón gCoimisiún;
(h)
anailís ar cibé acu a chuidíonn nó nach gcuidíonn an fhéidearthacht atá ag na Ballstáit nochtaí náisiúnta a éileamh i gcomhréir le hAirteagal 3(2d) leis na ceanglais náisiúnta maidir le nochtadh a chóineasú faoi bhun na tairsí díolúine ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3(2) nó 3(2a) agus cibé acu atá nó nach bhfuil na nochtaí náisiúnta sin ina mbacainn ar thairiscint urrús don phobal sna Ballstáit sin.
|
|
Airteagal 48 2a.
|
Cuirfidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéanfar anailís ar shaincheist an dliteanais i leith na faisnéise a thugtar i réamheolaire, lena measúnófar an bhféadfaí údar a thabhairt le dliteanas an réamheolaire a chomhchuibhiú a thuilleadh san Aontas agus, más ábhartha, molfaidh sé leasuithe ar na forálacha dliteanais a leagtar amach in Airteagal 11.
|
|
Airteagal 48 3.
|
Bunaithe ar an anailís dá dtagraítear i mír 2, déanfar measúnú sa tuarascáil ar cibé acu is gá nó nach gá aon leasuithe a dhéanamh ar an Rialachán seo chun cruinniú caipitil cuideachtaí beaga a éascú tuilleadh, agus leibhéal leordhóthanach cosanta infheisteoirí a áirithiú ag an am céanna, lena n-áirítear cibé acu is gá nó nach gá na tairseacha ábhartha a choigeartú.
|
|
Airteagal 48 4.
|
Ina theannta sin, déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar cibé acu is féidir nó nach féidir le heisitheoirí, go háirithe FBManna, LEInna agus ISINanna a fháil ar chostas réasúnta agus laistigh de thréimhse réasúnta ama. Déanfar torthaí an athbhreithnithe piaraí dá dtagraítear in Airteagal 20(13) a chur san áireamh sa tuarascáil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|