|
+Airteagal 6 5. |
Airteagal 6 5.Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na bearta a shonrú chun teipeanna socraíochta a chosc chun éifeachtúlacht socraíochta a mhéadú agus go háirithe chun na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
na bearta atá le déanamh ag gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le mír 2, an chéad fhomhír;
(b)
mionsonraí na nósanna imeachta lena n-éascaítear socraíocht dá dtagraítear i mír 3, lena bhféadfaí múnlú mhéideanna na n-idirbheart, socrú páirteach na dtrádálacha a bhfuil ag teip orthu, agus úsáid clár uathiasachtaithe/uathiasachtaí arna soláthar ag TLUnna áirithe a áireamh; agus
(c)
mionsonraí na mbeart chun socrú tráthúil idirbheart dá dtagraítear i mír 4 a spreagadh agus a dhreasú. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Iúil 2025. Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|