|
+Airteagal 25 6. |
Airteagal 25 6.Cuirfidh TLU sa tríú tír dá dtagraítear i mír 2 a hiarratas ar aitheantas faoi bhráid ÚEÚM. Soláthróidh TLU is iarratasóir an fhaisnéis uile a mheasfar a bheith riachtanach maidir lena haitheantas do ÚEÚM. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEÚM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura mbeidh an t-iarratas comhlánaithe, leagfaidh ÚEÚM teorainn ama síos faoina gcaithfidh TLU is iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát sin ina mbeidh sé i gceist ag TLU sa tríú tír seirbhísí TLU a sholáthar measúnú ar na dlíthe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 4 a bheith á gcomhlíonadh ag TLU sa tríú tír agus cuirfidh sí cinneadh lánréasúnaithe in iúl do ÚEÚM an bhfuil an comhlíonadh ann nó gan a bheith ann laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaightear an fhaisnéis uile is gá ó ÚEÚM. Is ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i mír 4 a dhéanfar an cinneadh faoin aitheantas. Laistigh de 6 mhí ó iarratas iomlán a bheith curtha isteach nó ó chinneadh coibhéise a bheith glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 9, cibé acu is déanaí, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn, le cinneadh lánréasúnaithe, don TLU is iarratasóir ar deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh é. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|