|
+Airteagal 25 10. |
Airteagal 25 10.I gcomhréir le hAirteagal 33(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, bunóidh ÚEÚM socruithe comhair le húdaráis fhreagracha na dtríú tíortha a n-aithneofar go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 9. Sonróidh na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:
(a)
an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEÚM, na húdaráis inniúla an Bhallstáit aíochta agus na húdaráis fhreagracha, lena n-áirítear rochtain ar gach faisnéis a iarrfaidh ÚEÚM faoi na TLUanna a údarófar i dtríú tíortha agus go háirithe rochtain ar fhaisnéis i gcásanna dá dtagraítear i mír 7;
(b)
an sásra chun fógra pras a thabhairt do ÚEÚM i gcás ina measfaidh údarás freagrach go bhfuil coinníollacha a údaraithe nó dlí eile is infheidhme á sárú ag TLU a mbeidh maoirseacht á déanamh ag an údarás inniúil uirthi;
(c)
na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair. I gcás ina bhforálfar d’aistrithe sonraí pearsanta ag Ballstát i gcomhaontú comhair, comhlíonfar forálacha Threoir 95/46/CE agus na haistrithe sin á ndéanamh agus i gcás ina bhforálfar d’aistrithe sonraí pearsanta ag ÚEÚM i gcomhaontú comhair, comhlíonfar forálacha Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 agus na haistrithe sin á ndéanamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|