+Airteagal 27 An bhainistíocht shinsearach, an comhlacht bainistíochta agus na scairshealbhóirí
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
---+Airteagal 27 5.
---+Airteagal 27 6.
---+Airteagal 27 7.
---+Airteagal 27 8.
---+Airteagal 27 9.
---+Airteagal 27 10.
---+Airteagal 27 11.
|
Airteagal 27 An bhainistíocht shinsearach, an comhlacht bainistíochta agus na scairshealbhóirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1.
|
Beidh dea-cháil ar lucht bainistíochta sinsearaí taisclainne lárnaí urrús agus beidh a ndóthain taithí acu le háirithiú go ndéanfar bainistiú fónta stuama ar an TLU.
|
|
Airteagal 27 2.
|
Beidh comhlacht bainistíochta ag TLU a mbeidh aon trian ar a laghad dá chomhaltaí, beirt chomhaltaí ar a laghad, neamhspleách. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn comhalta neamhspleách den bhord bainistíochta comhalta den bhord bainistíochta nach bhfuil gaol gnó, gaol teaghlaigh nó gaol eile aige nó aici a bheadh ina chúis coinbhleachta leasa maidir leis an TLU lena mbaineann nó lena scairshealbhóirí rialaithe, lena lucht bainistíochta nó lena rannpháirtithe, agus nach raibh gaol mar sin aige nó aici le linn na 5 bliana sula raibh sé ina chomhalta den bhord nó sula raibh sí ina comhalta den bhord.
|
|
Airteagal 27 3.
|
Ní bheidh luach saothair na gcomhaltaí neamhspleácha ná na gcomhaltaí neamhfheidhmiúcháin eile den chomhlacht bainistíochta nasctha le feidhmíocht ghnó an TLU.
|
|
Airteagal 27 4.
|
Beidh comhaltaí oiriúnacha ar an gcomhlacht bainistíochta a mbeidh dea-cháil orthu i gcoitinne agus a mbeidh meascán iomchuí scileanna, taithí agus eolais acu ar an eintiteas agus ar an margadh. Cinnfidh comhaltaí neamhfheidhmiúcháin an chomhlachta bainistíochta maidir le spriocuimhir ó thaobh ionadaíocht a dhéanamh ar an inscne tearcionadaithe sa chomhlacht bainistíochta agus ullmhóidh siad beartas faoin gcaoi a mhéadófaí líon na ndaoine den inscne tearcionadaithe d’fhonn an sprioc sin a chomhlíonadh. Cuirfear an spriocuimhir sin, an beartas sin agus cur chun feidhme an bheartais sin ar fáil don phobal.
|
|
Airteagal 27 5.
|
Cinnfidh TLU róil agus freagrachtaí an chomhlachta bainistíochta go soiléir agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha. Cuirfidh TLU miontuairiscí chruinnithe an chomhlachta bainistíochta ar fáil don údarás bainistíochta agus don iniúchóir má iarrtar sin.
|
|
Airteagal 27 6.
|
Ní údaróidh an t-údarás inniúil TLU ach amháin má tá sé curtha ar an eolas faoi chéannacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí, cibé acu an scairshealbhóirí díreacha nó indíreacha nó comhaltaí díreacha nó indíreacha iad nó an daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad, ag a bhfuil sealúchais cháilitheacha sa TLU agus faoi mhéideanna na sealúchas sin.
|
|
Airteagal 27 7.
|
Diúltóidh an t-údarás inniúil TLU a údarú mura deimhin leis oiriúnacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí ag a bhfuil sealúchais cháilitheacha sa TLU, ag cur san áireamh an gá atá le bainistiú fónta stuama an TLU a áirithiú.
|
|
Airteagal 27 8.
|
I gcás ina bhfuil dlúthnaisc idir an TLU agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, ní dheonóidh an t-údarás inniúil údarú ach amháin i gcás nach gcuirfidh na naisc sin cosc ar fheidhmeanna maoirseachta an údaráis inniúil a fheidhmiú go héifeachtach.
|
|
Airteagal 27 9.
|
I gcás ina n-imríonn na daoine dá dtagraítear i mír 6 tionchar ar dócha é go ndéanfaidh sé dochar do bhainistiú fónta stuama an TLU, déanfaidh an t-údarás inniúil bearta iomchuí chun deireadh a chur leis an staid sin, agus féadfar tarraingt siar údarú an TLU a bheith san áireamh sna bearta sin.
|
|
Airteagal 27 10.
|
Diúltóidh an t-údarás inniúil údarú a dheonú i gcás ina ndéantar le forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin tríú tír lena rialaítear duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó a bhfuil dlúthnaisc ag an TLU leis nó leo, nó le deacrachtaí a bhaineann le forfheidhmiú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin sin, cosc a chur ar fheidhmeanna maoirseachta an údaráis inniúil a fheidhmiú go héifeachtach.
|
|
Airteagal 27 11.
|
Déanfaidh TLU an méid seo a leanas, gan mhoill:
(a)
faisnéis a sholáthar don údarás inniúil maidir le húinéireacht an TLU, agus, go háirithe, maidir le céannacht agus scála leasanna aon duine ag a bhfuil sealúchas cáilitheach sa TLU;
(b)
an méid seo a leanas a phoibliú:
(i)
an fhaisnéis a sholáthraítear don údarás inniúil faoi phointe (a); agus
(ii)
aistriú ceart úinéireachta as a dtagann athrú ar rialú an TLU mar thoradh air.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|