+Airteagal 27a Faisnéis d’údaráis inniúla
---+Airteagal 27a 1.
---+Airteagal 27a 2.
---+Airteagal 27a 3.
---+Airteagal 27a 4.
---+Airteagal 27a 5.
---+Airteagal 27a 6.
---+Airteagal 27a 7.
---+Airteagal 27a 8.
---+Airteagal 27a 9.
|
Airteagal 27a Faisnéis d’údaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27a 1.
|
Tabharfaidh TLU fógra dá údarás inniúil faoi aon athruithe ar a bhainistíocht agus soláthróidh sé an fhaisnéis uile is gá don údarás inniúil chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann sé Airteagal 27(1) go (5). I gcás inar dócha go ndéanfaidh iompar comhalta den chomhlacht bainistíochta dochar do bhainistiú fónta stuama an TLU, déanfaidh an t-údarás inniúil bearta is iomchuí, a bhféadfar an comhalta sin a bhriseadh ón gcomhlacht bainistíochta a bheith ar áireamh iontu.
|
|
Airteagal 27a 2.
|
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon daoine den sórt sin ag gníomhú de chomhbheart dóibh (‘an faighteoir beartaithe’), a bhfuil cinneadh déanta acu sealúchas cáilitheach in TLU a fháil, go díreach nó go hindíreach, nó sealúchas cáilitheach den sórt sin in TLU a mhéadú a thuilleadh, go díreach nó go hindíreach, a d’fhágfadh go mbainfeadh an sciar de chearta vótála nó den chaipiteal arna shealbhú 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % amach nó go sáródh sé na céatadáin sin nó a d’fhágfadh go dtiocfadh an TLU chun bheith ina fhochuideachta (‘an éadáil bheartaithe’), tabharfaidh duine den sórt sin fógra i scríbhinn d’údarás inniúil an TLU sin ar dtús faoi sin, lena léirítear méid an tsealúchais atá beartaithe agus an fhaisnéis ábhartha, dá dtagraítear in Airteagal 27b(4). Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige nó aici sealúchas cáilitheach in TLU a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach (‘an díoltóir beartaithe’), tabharfaidh duine den sórt sin fógra i scríbhinn don údarás inniúil ar dtús faoi sin, lena léirítear méid sealúchais den sórt sin. Tabharfaidh duine den sórt sin fógra don údarás inniúil ar an mbealach céanna i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aige nó aici sealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh an sciar de na cearta vótála nó den chaipiteal arna shealbhú faoi bhun 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % nó ionas go scoirfeadh an TLU de bheith mar fhochuideachta an duine sin.
|
|
Airteagal 27a 3.
|
Ar shlí phras agus in aon chás laistigh de 2 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear i mír 2 agus ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil, admhóidh an t-údarás inniúil i scríbhinn chuig an bhfaighteoir beartaithe nó chuig an díoltóir beartaithe go bhfuil an méid sin faighte aige. Beidh 60 lá oibre ar a mhéad ag an údarás inniúil tar éis an dáta a admhaíodh i scríbhinn go bhfuarthas an fógra agus na doiciméid ar fad is gá a chur leis an bhfógra ar bhonn an liosta dá dtagraítear in Airteagal 27b(4) (‘an tréimhse um measúnú’), chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) (‘an measúnú’) a dhéanamh. Cuirfidh an t-údarás inniúil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir beartaithe ar an eolas faoi dháta éaga na tréimhse um measúnú tráth a n-admhaítear go bhfuarthas an fógra.
|
|
Airteagal 27a 4.
|
Maidir le haon fhaisnéis bhreise is gá chun an measúnú a chríochnú, féadfaidh an t-údarás inniúil, le linn na tréimhse um measúnú, ach tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre den tréimhse um measúnú, faisnéis den sórt sin a iarraidh. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá inti. Cuirfear an tréimhse um measúnú ar fionraí ar feadh na tréimhse idir dáta na hiarrata ar fhaisnéis ón údarás inniúil agus an dáta a gheobhaidh an faighteoir beartaithe freagra uirthi. Ní rachaidh an fhionraí thar 20 lá oibre ar a mhéad. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó ar shoiléiriú faisnéise ach ní chuirfear an tréimhse um measúnú ar fionraí dá mbarr.
|
|
Airteagal 27a 5.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh suas le 30 lá oibre a chur leis an bhfionraí dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, i gcás ina bhfuil an faighteoir beartaithe lonnaithe nó á rialáil lasmuigh den Aontas nó inar duine nádúrtha nó dlítheanach é nó í nach bhfuil faoi réir maoirseacht faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó faoi Threoir 2009/65/CE (
6
), 2009/138/CE (
7
) nó 2011/61/AE (
8
) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó faoi Threoir 2013/36/AE nó 2014/65/AE.
|
|
Airteagal 27a 6.
|
I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil, ar chríochnú an mheasúnaithe, cur i gcoinne na héadála beartaithe, cuirfidh sé an faighteoir beartaithe ar an eolas faoi i scríbhinn agus tabharfaidh sé na cúiseanna leis an gcinneadh sin laistigh de 2 lá oibre agus gan an tréimhse um measúnú a shárú. Faoi réir an dlí náisiúnta, féadfar ráiteas iomchuí faoi na cúiseanna leis an gcinneadh a chur ar fáil don phobal arna iarraidh sin don fhaighteoir beartaithe. Mar sin féin, féadfaidh údarás inniúil nochtadh den sórt sin a dhéanamh freisin in éagmais iarraidh ón bhfaighteoir beartaithe sa chás go bhforáiltear dá leithéid sin sa dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 27a 7.
|
I gcás nach gcuireann an t-údarás inniúil i gcoinne na héadála beartaithe le linn na tréimhse um measúnú, measfar an éadáil bheartaithe a bheith formheasta.
|
|
Airteagal 27a 8.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil uastréimhse a shocrú chun an éadáil bheartaithe a thabhairt i gcrích agus féadfaidh sé síneadh a chur leis an tréimhse sin i gcás inarb iomchuí.
|
|
Airteagal 27a 9.
|
Ní fhorchuirfidh na Ballstáit ceanglais atá níos déine ná na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi chearta vótála nó caipiteal a fháil go díreach nó go hindíreach agus maidir le formheas a fháil ina leith uaidh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|