+Airteagal 28 Coiste Úsáideoirí
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.
---+Airteagal 28 6.
|
Airteagal 28 Coiste Úsáideoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1.
|
Bunóidh TLU coistí úsáideoirí le haghaidh gach córais socraíochta urrús a oibreoidh sí ar a mbeidh ionadaithe eisitheoirí na gcóras socraíochta urrús sin agus a rannpháirtithe. Beidh comhairle an choiste úsáideoirí neamhspleách ar aon tionchar díreach ó lucht bainistíochta an TLU.
|
|
Airteagal 28 2.
|
Saineoidh TLU, ar bhealach neamhidirdhealaitheach, an sainordú do gach coiste úsáideoirí a bhunófar, na socruithe rialachais is gá chun a neamhspleáchas agus a nósanna imeachta oibriúcháin a áirithiú, na critéir iontrála agus an sásra toghcháin le haghaidh chomhaltaí an choiste úsáideoirí. Beidh na socruithe rialachais ar fáil don phobal, agus áiritheofar leo go dtuairisceoidh an coiste úsáideoirí go díreach don chomhlacht bainistíochta agus go reáchtálfaidh sé cruinnithe rialta.
|
|
Airteagal 28 3.
|
Cuirfidh coistí úsáideoirí comhairle ar an gcomhlacht bainistíochta maidir leis na príomhshocruithe a mbíonn tionchar acu ar a gcomhaltaí, lena n-áirítear na critéir chun glacadh le heisitheoirí nó rannpháirtithe ina gcórais socraíochta urrús faoi seach agus ar leibhéal seirbhíse. Le leibhéal seirbhíse, áirítear rogha an tsocraithe imréitigh agus socraíochta, struchtúr oibriúcháin an TLU, raon feidhme táirgí a shocraítear nó a thaifeadtar, úsáid teicneolaíochta le haghaidh oibríochtaí an TLU agus nósanna imeachta ábhartha.
|
|
Airteagal 28 4.
|
Féadfaidh na coistí úsáideoirí tuairim neamhcheangailteach a chur faoi bhráid an chomhlachta bainistíochta ina mbeidh na cúiseanna mionsonraithe maidir le struchtúir phraghsála an TLU.
|
|
Airteagal 28 5.
|
Gan dochar do cheart na n-údarás inniúil a bheith curtha ar an eolas mar is cuí, beidh comhaltaí na gcoistí úsáideoirí faoi cheangal ag forálacha rúndachta. I gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste úsáideoirí go bhfuil coinbhleacht leasa nó go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ag comhalta i ndáil le ceist ar leith, ní bheidh cead ag an gcomhalta sin vótáil ar an gceist sin.
|
|
Airteagal 28 6.
|
Cuirfidh TLU an t-údarás inniúil agus an coiste úsáideoirí ar an eolas gan mhoill faoi aon chinneadh lena gcinnfidh an comhlacht bainistíochta gan comhairle de chuid an choiste úsáideoirí a leanúint. Féadfaidh an coiste úsáideoirí an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon réimse ina mheasann sé nár leanadh comhairle de chuid an choiste úsáideoirí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|