+Airteagal 29 Taifid a choinneáil
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 1a.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
|
Airteagal 29 Taifid a choinneáil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
Coimeádfaidh TLU a taifid ar fad ar na seirbhísí agus ar na gníomhaíochtaí ar feadh deich mbliana ar a laghad, lena n-áirítear na taifid ar na seirbhísí coimhdeacha dá dtagraítear i Roinn B agus Roinn C den Iarscríbhinn, ionas go bhféadfaidh an t-údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas faoin Rialachán seo.
|
|
Airteagal 29 1a.
|
Cuirfidh TLU de cheangal ar eisitheoirí aitheantóir bailí eintitis dhlítheanaigh (LEI) a fháil agus a tharchur chuig an TLU.
|
|
Airteagal 29 2.
|
Cuirfidh TLU na taifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar iarratas don údarás inniúil agus do na húdaráis ábhartha agus d’aon údarás poiblí eile a bhfuil sé de chumhacht aige, faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta a Ballstáit bhaile, rochtain ar thaifid den sórt sin a cheangal chun a sainordú a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 29 3.
|
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonraí na dtaifead dá dtagraítear i mír 1 a shonrú, ar taifid iad a choimeádfar d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo ag TLUanna. Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015. Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 29 4.
|
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid na dtaifead dá dtagraítear i mír 1 a bhunú, ar taifid iad a choimeádfar d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo ag TLUanna. Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|