+Airteagal 37 Sláine na heisiúna
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 4.
|
Airteagal 37 Sláine na heisiúna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 37 1.
|
Glacfaidh TLU bearta réitigh iomchuí le fíorú go bhfuil líon na n-urrús a bheidh i gceist in eisiúint urrús nó i gcuid d’eisiúint urrús a chuirfear faoi bhráid TLU cothrom le suim na n-urrús a thaifeadtar ar chuntais urrús rannpháirtithe an chórais socraíochta urrús a oibreoidh an TLU agus, i gcás inarb ábhartha, ar chuntais úinéara a choinneoidh an TLU. Déanfar na bearta réitigh sin go laethúil ar a laghad.
|
|
Airteagal 37 2.
|
I gcás inarb iomchuí, agus má tá baint ag eintitis eile leis an bpróiseas réitigh maidir le heisiúint urrús áirithe, amhail an t-eisitheoir, na cláraitheoirí, na gníomhairí eisiúna, na gníomhairí aistrithe, na taisceoirí coiteanna, TLUanna eile nó eintitis eile, déanfaidh TLU agus eintitis den chineál sin bearta comhair agus malartaithe faisnéise leordhóthanacha a eagrú lena chéile ionas go gcoinneofar sláine na heisiúna.
|
|
Airteagal 37 3.
|
Ní cheadófar rótharraingtí urrús, iarmhéideanna dochair ná cruthú urrús i gcóras socraíochta urrús a oibreoidh TLU.
|
|
Airteagal 37 4.
|
Forbróidh ÚEÚM i ndlúthchomhar le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na bearta réitigh a ghlacfaidh TLU faoi mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 a shonrú. Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015. Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|