+Airteagal 46 Beartas infheistíochta
---+Airteagal 46 1.
---+Airteagal 46 2.
---+Airteagal 46 3.
---+Airteagal 46 4.
---+Airteagal 46 5.
---+Airteagal 46 6.
|
Airteagal 46 Beartas infheistíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 46 1.
|
Déanfaidh TLU a sócmhainní airgeadais a shealbhú i mbainc cheannais, in institiúidí creidmheasa údaraithe nó i dTLUanna údaraithe.
|
|
Airteagal 46 2.
|
Beidh rochtain phras ag TLU ar a sócmhainní nuair is gá.
|
|
Airteagal 46 3.
|
Ní infheisteoidh TLU a hacmhainní airgeadais ach in airgead tirim nó in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha a mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa leo. Beifear in ann na hinfheistíochtaí sin a leachtú go tapa gan ach éifeacht dhíobhálach an-bheag a imirt ar phraghsanna.
|
|
Airteagal 46 4.
|
Maidir le méid an chaipitil, lena n-áirítear tuilleamh coimeádta agus cúlchistí de chuid taisclainne lárnaí urrús, nach mbeidh infheistithe i gcomhréir le mír 3, ní chuirfear san áireamh é chun críocha Airteagal 47(1).
|
|
Airteagal 46 5.
|
Áiritheoidh TLU gur laistigh de theorainneacha inghlactha comhchruinnithe a bheidh a neamhchosaint fhoriomlán ar riosca d’aon institiúid creidmheasa údaraithe nó aon TLU údaraithe ar leith lena sealbhóidh sí a sócmhainní airgeadais.
|
|
Airteagal 46 6.
|
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na hionstraimí airgeadais is féidir a mheas a bheith fíorleachtach, lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh amhail dá dtagraítear i mír 3, an tréimhse iomchuí le haghaidh rochtana ar shócmhainní dá dtagraítear i mír 2 agus na teorainneacha comhchruinnithe dá dtagraítear i mír 5. Déanfar dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, i gcás inarb iomchuí, a ailíniú leis na caighdeáin theicniúla rialála a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 47(8) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015. Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|