|
+Airteagal 57 1. |
Airteagal 57 1.Gan dochar do ghníomhaíochtaí leasúcháin nó do bhearta faoi Theideal V, déanfaidh údarás inniúil Bhallstát baile an TLU na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 54 a tharraingt siar in aon cheann de na dálaí seo leanas:
(a)
i gcás nach n-úsáidfidh TLU an t-údarú laistigh de 12 mhí, i gcás ina dtréigfidh sí an t-údarú go sainráite nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar bith curtha ar fáil ag an institiúid chreidmheasa ainmnithe nó aon ghníomhaíocht déanta aici i rith na sé mhí roimhe sin;
(b)
i gcás ina bhfaighidh TLU an t-údarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhdhleathacha eile;
(c)
i gcás nach mbeidh na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh ag TLU nó ag an institiúid chreidmheasa ainmnithe agus nach mbeidh na gníomhaíochtaí leasúcháin atá iarrtha ag an údarás inniúil déanta aici laistigh de thréimhse a shocrófar;
(d)
i gcás ina mbeidh TLU nó an institiúid chreidmheasa ainmnithe tar éis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a shárú go córasach agus go tromchúiseach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|