+Airteagal 60 Maoirseacht ar institiúidí creidmheasa ainmnithe agus ar TLUanna a údarófar chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar
---+Airteagal 60 1.
---+Airteagal 60 2.
---+Airteagal 60 3.
|
Airteagal 60 Maoirseacht ar institiúidí creidmheasa ainmnithe agus ar TLUanna a údarófar chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 60 1.
|
Gan dochar d’Airteagal 17 agus d’Airteagal 22 den Rialachán seo, beidh na húdaráis inniúla mar a shainmhínítear iad i bpointe (40) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 freagrach as an údarú mar institiúidí creidmheasa agus as maoirseacht mar institiúidí creidmheasa faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE na n-institiúidí creidmheasa ainmnithe agus TLUanna a údaraítear faoin Rialachán seo le seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar. Beidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheas ainmnithe agus as taisclainne dá dtagraítear san fhomhír sin maidir lena bhfuil na ceanglais stuamachta dá dtagraítear in Airteagal 59 den Rialachán seo á gcomhlíonadh acu. Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír measúnú go tráthrialta, agus gach 2 bhliain ar a laghad, i dtaobh an bhfuil Airteagal 59 á chomhlíonadh ag an institiúid creidmheasa ainmnithe nó ag TLU atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar agus cuirfidh siad údarás inniúil an TLU ar an eolas, agus ansin cuirfidh an t-údarás inniúil sin na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4) agus, i gcás inarb infheidhme, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a ar an eolas, i ndáil leis na torthaí, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin nó pionóis, a ghabhfaidh leis an maoirseacht a dhéanfaidh sé faoin mír sin.
|
|
Airteagal 60 2.
|
►M4
Déanfaidh údarás inniúil an TLU, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 agus leis na húdaráis ábhartha, athbhreithniú agus meastóireacht ar an méid seo a leanas ar a laghad gach 2 bhliain: ◄
(a)
sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 54(2), an dtugann na socruithe riachtanacha ar fad idir na hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe agus TLU deis dóibh a gcuid oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh;
(b)
sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 54(2), an dtugtar leis na socruithe a bhaineann leis an údarú seirbhísí coimhdeacha den chineál baincéireachta a sholáthar deis don TLU a cuid oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
Déanfaidh údarás inniúil an TLU torthaí a athbhreithnithe agus a mheastóireachta faoin mír seo, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin nó pionóis, a chur in iúl go tráthrialta, agus gach 2 bhliain ar a laghad, do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4) agus, i gcás inarb infheidhme, don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 24aghníomhaíochtaí leasúcháin. I gcás ina n-ainmneoidh TLU institiúid creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 54, i bhfianaise chosaint na rannpháirtithe sna córais socraíochta urrús a oibreoidh sí, áiritheoidh TLU go mbeidh rochtain aici ón institiúid chreidmheasa a ainmneoidh sí ar gach faisnéis is gá chun críche an Rialacháin seo agus tabharfaidh sí tuairisc ar aon sáruithe ina leith chuig údarás inniúil na taisclainne lárnaí agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 60 3.
|
Chun maoirseacht a bheidh comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú laistigh den Aontas ar institiúidí creidmheasa agus ar TLUanna a údarófar chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, féadfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEÚM agus le comhaltaí CEBC, treoirlínte a eisiúint a bheidh dírithe ar údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|