|
+Airteagal 65 2. |
Airteagal 65 2.Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad i measc na sásraí dá dtagraítear i mír 1:
(a)
nósanna imeachta sonracha maidir le tuarascálacha a fháil agus a imscrúdú i ndáil le haon sárú a dhéanfar nó a bhféadfar a dhéanamh agus an méid a dhéantar ina dhiaidh sin, lena n-áirítear bealaí slána cumarsáide a bhunú do thuarascála mar sin;
(b)
cosaint chuí ar fhrithbheartaíocht, ar idirdhealú nó ar chineálacha eile de dhéileáil neamhchothrom, ar a laghad, do na fostaithe sin a thuairiscíonn sáruithe a dhéantar nó a bhféadfar a dhéanamh laistigh den institiúid;
(c)
cosaint sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine a thuairisceoidh sáruithe a dhéantar agus a bhféadfar a dhéanamh agus leis an duine nádúrtha a bheidh in ainm a bheith freagrach as an sárú, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE;
(d)
céannacht an duine a thuairiscíonn na sáruithe agus an duine nádúrtha atá in ainm a bheith freagrach as an sárú a chosaint ag gach céim de na nósanna imeachta mura gceanglaítear nochtadh mar sin leis an dlí náisiúnta i gcomhthéacs tuilleadh imscrúdaithe nó nósanna riaracháin nó breithiúnacha ina dhiaidh sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|