+Article 14 4.
|
Article 14 4.
Chun críocha mhír 1, pointe (a), déanfaidh ESMA, faoin 16 Deireadh Fómhair 2025, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin ina ndéantar measúnú ar na costais a ghearrann GCUInna agus cuideachtaí bainistíochta ar infheisteoirí agus ina mínítear na cúiseanna le leibhéal na gcostas sin agus le haon difríocht eatarthu, lena n-áirítear difríochtaí a eascraíonn as cineál na GCUInna lena mbaineann. Mar chuid den mheasúnú sin, déanfaidh ESMA anailís, faoi chuimsiú Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, ar a iomchuí atá na critéir a leagtar amach in uirlisí cóineasaithe ESMA maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chostais agus ar a éifeachtaí atá na critéir sin. Chun críocha na tuarascála sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, soláthróidh na húdaráis inniúla sonraí do ESMA ar bhonn aon uaire maidir le costais lena n-áirítear na táillí, muirir agus speansais uile a iompraíonn na hinfheisteoirí, nó an chuideachta bainistíochta i ndáil le hoibríochtaí an GCUI, go díreach nó go hindíreach, agus atá le leithdháileadh go díreach nó go hindíreach ar an GCUI. Cuirfidh na húdaráis inniúla na sonraí sin ar fáil do ESMA faoi chuimsiú a gcumhachtaí, lena n-áirítear an chumhacht ceangal a chur ar chuideachtaí bainistíochta faisnéis a sholáthar mar a leagtar síos in Airteagal 98(2) den Treoir seo.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009L0065
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|