+Airteagal 92
---+Airteagal 92 1.
---+Airteagal 92 2.
---+Airteagal 92 3.
|
Airteagal 92
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 92 1.
|
I ngach Ballstát ina bhfuil sé i gceist ag GCUI aonaid a mhargú, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an GCUI saoráidí ar fáil chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:
(a)
orduithe um shuibscríobh, athcheannach agus fuascailt a phróiseáil agus íocaíochtaí eile do shealbhóirí aonad a dhéanamh a bhaineann le haonaid an GCUI, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sna doiciméid is gá de bhun Chaibidil IX;
(b)
faisnéis a chur ar fáil d'infheisteoirí faoi conas is féidir orduithe dá dtagraítear i bpointe (a) a dhéanamh agus conas a íoctar fáltais athcheannaigh agus fuascailte;
(c)
láimhseáil faisnéise agus rochtain ar nósanna imeachta agus socruithe dá dtagraítear in Airteagal 15 a bhaineann le feidhmiú a gceart ag infheisteoirí a eascaríonn as a n-infheistíocht sa GCUI sa Bhallstát ina bhfuil an GCUI á mhargú, a éascú;
(d)
an fhaisnéis agus na doiciméid is gá de bhun Chaibidil IX a chur ar fáil d'infheisteoirí faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 94, chun críocha imscrúdú a dhéanamh orthu agus cóipeanna a fháil díobh;
(e)
faisnéis atá ábhartha maidir leis na cúraimí a dhéanann na saoráidí a chur ar fáil ar mheán marthanach d'infheisteoirí; agus
(f)
gníomhú mar phointe teagmhála chun cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis inniúla.
|
|
Airteagal 92 2.
|
Ní cheanglóidh na Ballstáit ar an GCUI láithreacht fhisiciúil a bheith aige sa Bhallstát óstach nó riarthóir tríú páirtí a cheapadh chun críocha mhír 1.
|
|
Airteagal 92 3.
|
Áiritheoidh an GCUI go gcuirfear na saoráidí ar fáil chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear go leictreonach, a dhéanamh:
(a)
i dteanga oifigiúil an Bhallstáit nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit inar margaíodh an GCUI nó i dteanga a d'fhormheas údaráis inniúla an Bhallstáit sin;
(b)
ag an GCUI féin, ag tríú páirtí atá faoi réir rialacháin agus maoirseachta lena rialaítear na gcúraimí a bheidh le déanamh, nó iad araon.
Chun críocha phointe (b), i gcás ina mbeidh na cúraimí le déanamh ag tríú páirtí, tabharfar fianaise ar cheapadh an tríú páirtí le conradh i scríbhinn ina sonrófar cad iad na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 nach mbeidh le déanamh ag an GCUI agus ina sonrófar go bhfaighidh an tríú páirtí an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha ar fad ón GCU.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009L0065
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|