|
+Airteagal 92 1. |
Airteagal 92 1.I ngach Ballstát ina bhfuil sé i gceist ag GCUI aonaid a mhargú, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an GCUI saoráidí ar fáil chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:
(a)
orduithe um shuibscríobh, athcheannach agus fuascailt a phróiseáil agus íocaíochtaí eile do shealbhóirí aonad a dhéanamh a bhaineann le haonaid an GCUI, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sna doiciméid is gá de bhun Chaibidil IX;
(b)
faisnéis a chur ar fáil d'infheisteoirí faoi conas is féidir orduithe dá dtagraítear i bpointe (a) a dhéanamh agus conas a íoctar fáltais athcheannaigh agus fuascailte;
(c)
láimhseáil faisnéise agus rochtain ar nósanna imeachta agus socruithe dá dtagraítear in Airteagal 15 a bhaineann le feidhmiú a gceart ag infheisteoirí a eascaríonn as a n-infheistíocht sa GCUI sa Bhallstát ina bhfuil an GCUI á mhargú, a éascú;
(d)
an fhaisnéis agus na doiciméid is gá de bhun Chaibidil IX a chur ar fáil d'infheisteoirí faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 94, chun críocha imscrúdú a dhéanamh orthu agus cóipeanna a fháil díobh;
(e)
faisnéis atá ábhartha maidir leis na cúraimí a dhéanann na saoráidí a chur ar fáil ar mheán marthanach d'infheisteoirí; agus
(f)
gníomhú mar phointe teagmhála chun cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis inniúla. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|