|
+Airteagal 17 1. |
Airteagal 17 1.Maidir leis na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus éagsúlú punainne a leagtar síos in Airteagal 13:
(a)
beidh feidhm acu faoin dáta a shonraítear i rialacha nó ionstraimí corpraithe an ELTIF;
(b)
scoirfidh siad d’fheidhm a bheith acu a luaithe agus a thosóidh an ELTIF ag díol sócmhainní chun aonaid nó scaireanna infheisteoirí a fhuascailt tar éis dheireadh shaolré an ELTIF;
(c)
cuirfear ar fionraí go sealadach iad i gcás ina dtiomsaíonn an ELTIF caipiteal breise nó ina laghdaíonn sé an caipiteal atá aige, fad agus nach mairfidh fionraí den sórt sin níos mó ná 12 mhí. Maidir leis an dáta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, cuirfear i gcuntas sainghnéithe agus saintréithe na sócmhainní atá le hinfheistiú ag an ELTIF, agus ní bheidh sé níos déanaí ná cúig bliana tar éis dháta an údaraithe mar ELTIF, nó leathré an ELTIF mar a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 18(3), cibé acu is luaithe. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh údarás inniúil an ELTIF, ar chur isteach plean infheistíochta a bhfuil údar cuí leis, fadú ar an teorainn ama seo nach mó ná aon bhliain bhreise amháin a fhormheas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|