+Airteagal 17 Comhdhéanamh punainne agus rialacha um éagsúlú a chur i bhfeidhm
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
|
Airteagal 17 Comhdhéanamh punainne agus rialacha um éagsúlú a chur i bhfeidhm
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Maidir leis na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus éagsúlú punainne a leagtar síos in Airteagal 13:
(a)
beidh feidhm acu faoin dáta a shonraítear i rialacha nó ionstraimí corpraithe an ELTIF;
(b)
scoirfidh siad d’fheidhm a bheith acu a luaithe agus a thosóidh an ELTIF ag díol sócmhainní chun aonaid nó scaireanna infheisteoirí a fhuascailt tar éis dheireadh shaolré an ELTIF;
(c)
cuirfear ar fionraí go sealadach iad i gcás ina dtiomsaíonn an ELTIF caipiteal breise nó ina laghdaíonn sé an caipiteal atá aige, fad agus nach mairfidh fionraí den sórt sin níos mó ná 12 mhí.
Maidir leis an dáta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, cuirfear i gcuntas sainghnéithe agus saintréithe na sócmhainní atá le hinfheistiú ag an ELTIF, agus ní bheidh sé níos déanaí ná cúig bliana tar éis dháta an údaraithe mar ELTIF, nó leathré an ELTIF mar a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 18(3), cibé acu is luaithe. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh údarás inniúil an ELTIF, ar chur isteach plean infheistíochta a bhfuil údar cuí leis, fadú ar an teorainn ama seo nach mó ná aon bhliain bhreise amháin a fhormheas.
|
|
Airteagal 17 2.
|
I gcás ina n-eisíonn gnóthas punainne cáilitheach nach gcomhlíonann pointe (b) d'Airteagal 11(1) a thuilleadh sócmhainn fhadtéarmach inar infheistigh ELTIF, féadfar leanúint den tsócmhainn fhadtéarmach a áireamh chun an teorainn infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a ríomh ar feadh trí bliana ar a mhéad amhail ón dáta nach gcomhlíonann an gnóthas punainne cáilitheach ceanglais phointe (b) d'Airteagal 11(1) a thuilleadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|