+Airteagal 25 Nochtadh costais
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.

Airteagal 25 Nochtadh costais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.

Leis an réamheolaire cuirfear in iúl go feiceálach d'infheisteoirí leibhéal na gcostas éagsúil a bheidh le híoc go díreach nó go hindíreach ag na hinfheisteoirí. Cuirfear na costais éagsúla i ngrúpaí de réir na gceannteideal seo a leanas:

(a) 

costais chur ar bun an ELTIF;

(b) 

costais a bhaineann le sócmhainní a fháil;

(c) 

táillí bainistíochta agus táillí a bhaineann le feidhmíocht;

(d) 

costais dáiliúcháin;

(e) 

costais eile, lena n-áirítear costais riaracháin, costais rialála, costais taisce, costais coinneála costais seirbhíse gairmiúla agus costais iniúchta.

Airteagal 25 2.
Sa réamheolaire, nochtfar cóimheas foriomlán costais an ELTIF.
Airteagal 25 3.
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sainmhínithe, modheolaíochtaí ríofa agus formáidí láithreoireachta comhchoiteanna na gcostas dá dtagraítear i mír 1 agus an cóimheas foriomlán dá dtagraítear i mír 2 a shonrú.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt, cuirfidh ÚEUM i gcuntas na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d'Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 9 Meán Fómhair 2015.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.