|
+Airteagal 30 2. |
Airteagal 30 2.Déanfaidh an dáileoir nó, nuair a bhíonn aonaid nó scaireanna ELTIF á dtairiscint go díreach d’infheisteoir miondíola nó á láithriú go díreach le hinfheisteoir miondíola, bainisteoir an ELTIF foláireamh soiléir i scríbhinn a eisiúint lena gcuirtear an t-infheisteoir miondíola ar an eolas faoin méid seo a leanas:
(a)
i gcás inar faide ná 10 mbliana saolré ELTIF a thairgtear d’infheisteoirí miondíola nó a láithrítear leo, go bhféadfadh sé nach mbeadh an táirge ELTIF oiriúnach d’infheisteoirí miondíola nach bhfuil in ann gealltanas fadtéarmach agus neamhleachtach den sórt sin a sheasamh;
(b)
i gcás ina ndéanann rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF foráil maidir leis an bhféidearthacht aonaid nó scaireanna an ELTIF a mheaitseáil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(2a), nach ráthaítear le hinfhaighteacht féidearthachta den sórt sin gur féidir leis an infheisteoir miondíola imeacht óna chuid aonad nó scaireanna san ELTIF lena mbaineann nó iad a fhuascailt agus nach bhfuil an t-infheisteoir miondíola i dteideal, mar gheall ar hinfhaighteacht féidearthachta den sórt sin, imeacht óna chuid aonad nó scaireanna san ELTIF lena mbaineann nó iad a fhuascailt. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|