+Airteagal 30 Ceanglais shonracha maidir le dáileadh ELTIFanna ar infheisteoirí miondíola agus maidir le ELTIFanna a mhargú le hinfheisteoirí miondíola
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
---+Airteagal 30 6.
---+Airteagal 30 7.
---+Airteagal 30 8.
|
Airteagal 30 Ceanglais shonracha maidir le dáileadh ELTIFanna ar infheisteoirí miondíola agus maidir le ELTIFanna a mhargú le hinfheisteoirí miondíola
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1.
|
Ní fhéadfar aonaid nó scaireanna ELTIF a mhargú le hinfheisteoir miondíola ach i gcás ina ndearnadh measúnú oiriúnachta i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Threoir 2014/65/AE agus inar soláthraíodh ráiteas ar oiriúnacht don infheisteoir miondíola sin i gcomhréir leis an dara agus an tríú fomhír d’Airteagal 25(6) den Treoir sin. Déanfar an measúnú oiriúnachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo gan beann ar cibé acu a fhaigheann an t-infheisteoir miondíola aonaid nó scaireanna an ELTIF ón dáileoir nó ó bhainisteoir an ELTIF, nó tríd an margadh tánaisteach i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo. Gheofar toiliú sainráite an infheisteora miondíola lena léirítear go dtuigeann an t-infheisteoir na rioscaí a bhaineann le hinfheistiú in ELTIF i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
ní sholáthraítear an measúnú oiriúnachta i gcomhthéacs comhairle infheistíochta;
(b)
meastar nach bhfuil an ELTIF oiriúnach don infheisteoir miondíola ar bhonn an mheasúnaithe oiriúnachta arna déanamh de bhun na chéad fhomhíre;
(c)
is mian leis an infheisteoir miondíola dul ar aghaidh leis an idirbheart in ainneoin go meastar nach bhfuil an ELTIF oiriúnach don infheisteoir sin.
Déanfaidh an dáileoir nó, nuair a bhíonn aonaid nó scaireanna ELTIF á dtairiscint go díreach d’infheisteoir miondíola nó á láithriú go díreach le hinfheisteoir miondíola, bainisteoir an ELTIF taifead dá dtagraítear in Airteagal 25(5) de Threoir 2014/65/AE a bhunú.
|
|
Airteagal 30 2.
|
Déanfaidh an dáileoir nó, nuair a bhíonn aonaid nó scaireanna ELTIF á dtairiscint go díreach d’infheisteoir miondíola nó á láithriú go díreach le hinfheisteoir miondíola, bainisteoir an ELTIF foláireamh soiléir i scríbhinn a eisiúint lena gcuirtear an t-infheisteoir miondíola ar an eolas faoin méid seo a leanas:
(a)
i gcás inar faide ná 10 mbliana saolré ELTIF a thairgtear d’infheisteoirí miondíola nó a láithrítear leo, go bhféadfadh sé nach mbeadh an táirge ELTIF oiriúnach d’infheisteoirí miondíola nach bhfuil in ann gealltanas fadtéarmach agus neamhleachtach den sórt sin a sheasamh;
(b)
i gcás ina ndéanann rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF foráil maidir leis an bhféidearthacht aonaid nó scaireanna an ELTIF a mheaitseáil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(2a), nach ráthaítear le hinfhaighteacht féidearthachta den sórt sin gur féidir leis an infheisteoir miondíola imeacht óna chuid aonad nó scaireanna san ELTIF lena mbaineann nó iad a fhuascailt agus nach bhfuil an t-infheisteoir miondíola i dteideal, mar gheall ar hinfhaighteacht féidearthachta den sórt sin, imeacht óna chuid aonad nó scaireanna san ELTIF lena mbaineann nó iad a fhuascailt.
|
|
Airteagal 30 3.
|
Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 más rud é gur ball den fhoireann shinsearach, bainisteoir punainne, stiúrthóir, oifigeach, gníomhaire nó fostaí de chuid bhainisteoir an ELTIF, nó de chuid cleamhnaí de chuid bhainisteoir an ELTIF, an t-infheisteoir miondíola agus ina bhfuil a dhóthain eolais ag an infheisteoir sin faoin ELTIF.
|
|
Airteagal 30 4.
|
Déanfaidh ELTIF fothaire a nochtadh sa chumarsáid mhargaíochta a dhéanann sé go n-infheistíonn sé 85 % nó níos mó dá chuid sócmhainní go buan in aonaid nó scaireanna an mháistir-ELTIF.
|
|
Airteagal 30 5.
|
Déanfar foráil i rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF a mhargaítear le hinfheisteoirí miondíola san aicme ábhartha aonad nó scaireanna go gcaitear go comhionann le gach infheisteoir agus nach gcaitear go fabhrach le hinfheisteoirí aonair nó le grúpaí infheisteoirí laistigh den aicme ábhartha nó de na haicmí ábhartha ná nach dtugtar sochar eacnamaíochta sonrach dóibh.
|
|
Airteagal 30 6.
|
Ní leagfar tuilleadh dliteanais ar an infheisteoir miondíola mar thoradh ar fhoirm dhlíthiúil ELTIF a mhargaítear le hinfheisteoirí miondíola ná ní chuirfear aon ghealltanais bhreise ar an infheisteoir sin seachas an gealltanas caipitil bunaidh.
|
|
Airteagal 30 7.
|
Beidh infheisteoirí miondíola in ann, le linn na tréimhse suibscríbhinne agus le linn thréimhse 2 sheachtain tar éis shíniú an ghealltanais tosaigh nó an chomhaontaithe suibscríbhinne tosaigh le haghaidh aonaid nó scaireanna an ELTIF, a suibscríbhinn a chur ar ceal agus an t-airgead a fháil ar ais gan phionós.
|
|
Airteagal 30 8.
|
Déanfaidh bainisteoir ELTIF a mhargaítear le hinfheisteoirí miondíola nósanna imeachta agus socruithe iomchuí a bhunú chun déileáil le gearáin ó infheisteoirí miondíola, rud a cheadóidh d’infheisteoirí gearáin a dhéanamh i dteanga oifigiúil a mBallstáit nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla a mBallstáit.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|