+Airteagal 4a
---+Airteagal 4a 1.
---+Airteagal 4a 2.
---+Airteagal 4a 3.
---+Airteagal 4a 4.
---+Airteagal 4a 5.
---+Airteagal 4a 6.

Airteagal 4a

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4a 1.

Féadfaidh bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach dul i mbun gníomhaíochtaí réamh-mhargaíochta san Aontas, ach amháin i gcás ina mbaineann an méid a leanas leis an bhfaisnéis arna cur i láthair d'infheisteoirí ionchasacha:

(a) 

cuireann sí ar chumas infheisteoirí gealltanas a thabhairt aonaid nó scaireanna de chiste caipitil fiontair cáilitheach áirithe a fháil;

(b) 

is ionann í agus foirmeacha suibscríbhinne nó doiciméid chomhchosúla i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm dheiridh; nó

(c) 

is ionann í agus doiciméid chomhdhéanaimh, réamheolaire nó doiciméid tairisceana, ina bhfoirmeacha deiridh, de chuid ciste caipitil fiontair cáilitheach nár bunaíodh fós.

I gcás ina gcuirtear dréacht-réamheolaire nó doiciméid tairisceana ar fáil, ní chuimseofar iontu an fhaisnéis leordhóthanach, rud a chuirfidh ar chumas infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh agus luafar go soiléir an méid seo a leanas:

(a) 

ní hionann iad agus tairiscint nó cuireadh chun suibscríbhinn a ghlacadh le haonaid ná le scaireanna i gciste caipitil fiontair cáilitheach; agus

(b) 

níor cheart a bheith ag brath ar an bhfaisnéis atá sna doiciméid sin ós rud é gur faisnéis neamhiomlán í agus go bhféadfadh athrú teacht uirthi.

Airteagal 4a 2.
Ní cheanglóidh údaráis inniúla ar bhainisteoir ar chiste chaipitil fiontair cáilitheach fógra a thabhairt d'údaráis inniúla maidir le hábhar nó le seolaithe na réamh-mhargaíochta, ná aon choinníollacha nó ceanglais a chomhlíonadh seachas iadsan a leagtar amach san Airteagal seo, sula dtabharfaidh sé faoin réamh-mhargaíocht.
Airteagal 4a 3.
Áiritheoidh cistí caipitil fiontair cáilitheacha nach bhfaighidh infheisteoirí aonaid nó scaireanna i gciste caipitil fiontair cáilitheach trí réamh-mhargaíocht agus nach bhféadfaidh infheisteoirí a rachfar i dteagmháil leo mar chuid de réamh-mhargaíocht ach aonaid nó scaireanna sa chiste caipitil fiontair cáilitheach sin tríd an margaíocht a cheadaítear faoi Airteagal 15.

Aon suibscríbhinn a ghlacfaidh infheisteoirí gairmiúla, laistigh de 18 mí ón tráth a rinne bainisteoir ar chiste chaipitil fiontair cáilitheach tús a chur leis an réamh-mhargaíocht, d'aonaid nó scaireanna i gciste caipitil fiontair cáilitheach dá dtagraítear san fhaisnéis arna soláthar sa chomhthéacs réamh-mhargaíochta, nó ciste caipitil fiontair cáilitheach mar thoradh ar réamh-mhargaíocht, measfar é a bheidh mar thoradh ar mhargaíocht agus beidh sé faoi féir na nósanna imeachta fógartha is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 15.

Airteagal 4a 4.
Laistigh de 2 sheachtain tar éis dóibh tús a chur le réamh-mhargaíocht, cuirfidh bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach litir neamhfhoirmiúil, i bhfoirm páipéir nó trí mheáin leictreonacha, chuig an údarás inniúil ina Bhallstát baile. Sonrófar sa litir sin na Ballstáit ina bhfuil an réamh-mhargaíocht á tarlú nó inar tharla sí agus na tréimhsí ina bhfuil sí á tarlú nó inar tharla sí, beidh cur síos inti ar an réamh-mhargaíocht lena n-áirítear faisnéis maidir le straitéisí infheistíochta a cuireadh i láthair agus, i gcás inarb iomchuí, beidh liosta inti de na cistí caipitil fiontair cáilitheacha arb iadsan nó arbh iadsan ábhar na réamh-mhargaíochta. Cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an bhainisteora ar chiste caipitil fiontair cáilitheach na húdaráis inniúla de chuid an Bhallstáit ina ndéanann nó ina ndearna an bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach an réamh-mhargaíocht ar an eolas go pras. Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil réamh-mhargaíocht á tarlú nó inar tharla sí a iarraidh go gcuirfeadh údaráis inniúla Bhallstát baile an bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach faisnéis bhreise ar fáil maidir leis an réamh-mhargaíocht atá á tarlú nó a tharla ina chríoch.
Airteagal 4a 5.
Ní thabharfaidh tríú páirtí faoi réamh-mhargaíocht thar ceann bainisteoir údaraithe ar chiste caipitil fiontair cáilitheach áit a bhfuil sé údaraithe mar ghnólacht infheistíochta i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) mar institiúid chreidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), mar chuideachta bhainistíochta GCUI i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, mar bhainisteoir ar chiste infheistíochta malartach i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, nó gníomhartha mar ghníomhaire faoi cheangal i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE. Beidh an tríú páirtí sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
Airteagal 4a 6.
Déanfaidh bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach a áirithiú go ndéanfar doiciméadú leormhaith ar réamh-mhargaíocht.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0345
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.