|
+Airteagal 7 |
Airteagal 7Airteagal 7 Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha an méid seo a leanas maidir leis na cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á mbainistiú acu:
(a)
agus a ngníomhaíochtaí á seoladh acu, gníomhú go hionraic, go cothrom agus leis an scil chuí, an cúram cuí agus an dúthracht chuí;
(b)
cuirfidh siad na beartais agus na nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm chun míchleachtais a chosc a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leis go ndéanfaidís difear do leasanna na n-infheisteoirí agus na ngnóthas punainne cáilitheach;
(c)
déanfaidh siad a gcuid gníomhaíochtaí gnó ar bhealach is go gcuirfear na leasanna is fearr chun cinn do na cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á mbainistiú acu, do na hinfheisteoirí iontu agus do shláine an mhargaidh;
(d)
cuirfidh siad leibhéal ard díchill i bhfeidhm maidir le roghnú agus faireachán leanúnach na n-infheistíochtaí i ngnóthais phunainne cháilitheacha;
(e)
beidh eolas agus tuiscint leormhaith acu ar na gnóthais phunainne cháilitheacha a ndéanann siad infheistíocht iontu;
(f)
déileálfar go cothrom lena gcuid infheisteoirí. Ní chuirfidh an méid sin bac ar chóir níos fabhraí a thabhairt d’infheisteoirí príobháideacha ná d’infheisteoir poiblí, ar choinníoll go mbeidh cóir den chineál sin i gcomhréir le rialacha maidir le Státchabhair i gcomhréir go háirithe le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ( 6 ) ón gCoimisiún agus go ndéanfar é a nochtadh i rialacha an chiste nó ina ionstraimí corpraithe;
(g)
áiritheoidh siad nach bhfaighidh infheisteoir ar bith cóir níos fabhraí, mura rud é go ndéantar an chóir níos fabhraí sin a nochtadh i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste caipitil fiontair cháilithigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|