+Airteagal 14
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
---+Airteagal 14 7.
---+Airteagal 14 8.
---+Airteagal 14 9.

Airteagal 14

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1.

Bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhfuil sé ar intinn acu an sonrúchán “EuVECA” a úsáid chun a gcuid cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú, cuirfidh siad in iúl d’údarás inniúil a mBallstáit baile go bhfuil sé ar intinn acu é sin a dhéanamh agus soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

céannacht na ndaoine a sheolann i ndáiríre gnó bhainistiú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha;

(b) 

céannacht na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha a ndéanfar a n-aonaid nó a scaireanna a mhargú, agus a straitéisí infheistíochta;

(c) 

faisnéis maidir leis na socruithe a rinneadh chun ceanglais Chaibidil II a chomhlíonadh;

(d) 

liosta de na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach gach ciste caipitil fiontair cáilitheach a mhargú iontu.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 14 2.

Ní dhéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach a chlárú ach amháin má tá na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a) 

go bhfuil na daoine a sheolann i ndáiríre gnó bhainistiú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha de dhea-cháil leordhóthanach agus go bhfuil taithí leordhóthanach acu freisin i ndáil leis na straitéisí infheistíochta atá á saothrú ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach;

(b) 

go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi mhír 1 iomlán;

(c) 

go bhfuil na socruithe arna gcur in iúl de réir phointe (c) de mhír 1 oiriúnach chun ceanglais Chaibidil II a chomhlíonadh.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 14 3.
Beidh clárú faoin Airteagal seo bailí i gcríoch iomlán an Aontais agus fágfaidh sé go bhféadfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú faoin sonrúchán “EuVECA” ar fud an Aontais.
Airteagal 14 4.
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an bainisteoir amhail dá dtagraítear i mír 1 ar an eolas faoi cé acu ar cláraíodh nó nár cláraíodh é mar bhainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis dóibh an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear sa mhír sin a sholáthar.
Airteagal 14 5.
Beidh clárú i gcomhréir leis an Airteagal seo ina chlárú chun críocha Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE maidir le bainistiú cistí caipitil fiontair cáilitheacha.
Airteagal 14 6.
Maidir le bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach amhail dá dtagraítear san Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile maidir le haon athruithe ábharacha ar na coinníollacha do chlárú tosaigh i gcomhréir leis an Airteagal seo sula gcuirfear athruithe den sórt sin chun feidhme.

Má chineann údarás inniúil an Bhallstáit bhaile ceanglais a fhorchur nó diúltú do na hathruithe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh sé, laistigh d’aon mhí amháin ón bhfógra maidir leis na hathruithe sin a fháil, an bainisteoir um chiste chaipitil fiontair cáilitheach a chur ar an eolas. Féadfaidh an t-údarás inniúil fadú suas le haon mhí amháin a chur leis an tréimhse sin i gcás ina measann sé gur gá sin mar gheall ar shaintosca an cháis, tar éis dó fógra a thabhairt do bhainisteoir an chiste chaipitil fiontair cháilithigh. Féadfar na hathruithe a chur chun feidhme mura gcuirfidh an t-údaras inniúil ábhartha i gcoinne na n-athruithe laistigh den tréimhse mheasúnaithe ábhartha.

Airteagal 14 7.
D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do na húdaráis inniúla san iarratas ar chlárú mar a leagtar amach i mír 1 a shonrú tuilleadh, agus chun na coinníollacha mar a leagtar amach i mír 2 a shonrú tuilleadh.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 14 8.
D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise do na húdaráis inniúla san iarratas ar chlárú a leagtar amach i mír 1 agus sna coinníollacha a leagtar amach i mír 2.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 14 9.
Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas clárúcháin arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0345
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.