+Airteagal 16
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
|
Airteagal 16
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile fógra láithreach d’údaráis inniúla na mBallstát óstach agus do ÚEUM faoi aon chás ina gcláraítear nó ina mbaintear den chlár bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach, faoi aon chiste caipitil fiontair cáilitheach a chuirtear leis an gclár nó a bhaintear den chlár, agus faoi aon chás ina gcuirtear le liosta na mBallstát, nó ina mbaintear de, ina bhfuil sé ar intinn ag bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach na cistí sin a mhargú. Chun críocha na chéad fhomhíre, tabharfaidh údarás inniúil ciste caipitil fiontair cháilithigh a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 14a fógra láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile, d’údaráis inniúla na mBallstát óstach agus do ÚEUM faoi aon chiste caipitil fiontair cáilitheach a chuirtear leis an gclár nó a bhaintear den chlár nó faoi aon chás ina gcuirtear le liosta na mBallstát, nó ina mbaintear de, ina bhfuil sé ar intinn ag an mbainisteoir um an gciste caipitil fiontair cáilitheach sin an ciste sin a mhargú.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Ní dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát óstach aon cheanglais ná nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le margú cistí caipitil fiontair cáilitheacha a fhorchur ar na bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, agus ní cheanglóidh siad go bhformheasfar an margú sin sula rachfar ina bhun. Áireofar le ceanglais den sórt sin nó nósanna imeachta riaracháin táillí agus muirir eile.
|
|
Airteagal 16 3.
|
Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid fógra faoin Airteagal seo a chinneadh.
|
|
Airteagal 16 4.
|
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 16 Feabhra 2014.
|
|
Airteagal 16 5.
|
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0345
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|