|
+Airteagal 8 1. |
Airteagal 8 1.Beidh na cúraimí seo a leanas ag an Údarás:
(a)
bunaithe ar na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), rannchuidiú le caighdeáin agus cleachtais choiteanna ardcháilíochta rialála agus mhaoirseachta a bhunú, go háirithe trí dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte, moltaí agus bearta eile, lena n-áirítear tuairimí, a fhorbairt;
(aa)
lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a chothabháil atá leis na cleachtais is fearr agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta, agus ina gcuirtear san áireamh, inter alia, athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí airgeadais agus na margaí a leagan amach;
(b)
rannchuidiú a thabhairt maidir le gníomhartha an Aontais atá ceangailteach le dlí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe trí rannchuidiú le cultúr coiteann maoirseachta, lena n-áirithítear go gcuirtear na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, arbatráiste rialála a chosc, idirghabháil mhaoirseachta a chothú agus faireachán a dhéanamh orthu, idirghabháil a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar neamhspleáchas na n-údarás inniúil, maoirseacht éifeachtach agus chomhsheasmhach institiúidí margaidh airgeadais a áirithiú, feidhmiú comhleanúnach coláistí maoirseoirí a áirithiú, agus gníomhaíochtaí a dhéanamh, inter alia, i staideanna éigeandála;
(c)
tarmligean cúraimí agus freagrachtaí i measc údaráis inniúla a spreagadh agus a éascú;
(d)
comhoibriú go dlúth le BERS, go háirithe tríd an bhfaisnéis a sholáthar do BERS atá riachtanach chun a chúraimí a bhaint amach agus trína áirithiú go ndéantar de réir rabhadh agus moltaí ó BERS;
(e)
athbhreithnithe piaraí ar údaráis inniúla a eagrú agus a chur i gcrích agus, sa chomthéacs sin, treoirlínte nó moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, agus é mar aidhm comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;
(f)
faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a inniúlachta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, forbairtí i ndáil treochtaí in árachas, athárachas agus pinsin cheirde, go háirithe, do theaghlaigh agus FBManna agus i seirbhísí nuálacha airgeadais agus forbairtí i ndáil le fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais á mbreithniú mar is cuí;
(g)
anailísí eacnamaíocha a dhéanamh ar na margaí mar mhodh chun faisnéis a fháil chun sochair don Údarás a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh;
(h)
cosaint sealbhóirí polasaí comhaltaí scéim pinsin agus tairbhithe, tomhaltóirí agus infheisteoirí a chothú, i gcás inarb iomchuí, le cosaint taisceoirí, tomhaltóirí agus infheisteoirí, go háirithe maidir le heasnaimh i gcomhthéacs trasteorann agus maidir le rioscaí gaolmhara a chur san áireamh;
(i)
rannchuidiú a thabhairt maidir le feidhmiú comhsheasmhach comhleanúnach na gcoláistí maoirseoirí, le faireachán, measúnú agus tomhas a dhéanamh ar an riosca sistéamach, le pleananna téarnaimh agus réitigh a fhorbairt agus a chomhardú, le hardleibhéal cosanta a sholáthar do shealbhóirí polasaí, do thairbhithe agus ar fud an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 21 go hAirteagal 26;
(ia)
rannchuidiú le bunú straitéise coitinne sonraí airgeadais an Aontais;
(j)
aon chúraimí sonracha eile a leagtar amach sa Rialachán seo nó i ngníomhartha reachtacha eile a chomhall;
(k)
faisnéis a bhaineann lena réimse gníomhaíochta, go háirithe faisnéis, laistigh dá réimse inniúlachta, faoi institiúidí airgeadais cláraithe, a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus an fhaisnéis sin a uasdátú go rialta, chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar an bhfaisnéis sin;
(ka)
gach caighdeán rialála teicniúil, gach caighdeán, treoirlíne, moladh agus ceisteanna agus freagraí maidir le gach gníomh reachtach dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus a nuashonrú go tráthrialta, lena n-áirítear forbhreathnuithe a bhaineann le staid na himeartha i leith obair leanúnach agus uainiú beartaithe i leith glacadh dréachtchaighdeán teicniúila rialála agus caighdeán teicniúil cur chun feidhme. ▼M2 ————— 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|