+Airteagal 16 Treoirlínte agus moltaí
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 2a.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.

Airteagal 16 Treoirlínte agus moltaí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
D’fhonn cleachtais maoirseachta atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú laistigh de CEMA, agus d’fhonn a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar shlí choiteann, aonfhoirmeach agus chomhsheasmhach, eiseoidh an tÚdarás treoirlínte a bheidh dírithe ar údaráis inniúla uile nó ar institiúidí airgeadais uile agus moltaí chuig údarás inniúil amháin nó níos mó nó chuig institiúid airgeadais amháin nó níos mó.

Beidh na treoirlínte agus na moltaí i gcomhréir leis na cumhachtuithe a tugadh sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó san Airteagal seo.

Airteagal 16 2.
I gcás inarb iomchuí seolfaidh an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na treoirlínte agus na moltaí sin a eisiúint. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus an Ghrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde dá dtagraítear in Airteagal 37. I gcás nach ndéanfaidh an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí nó nach n-iarrfaidh comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde, cuirfidh an tÚdarás cúiseanna chuige ar fáil.
Airteagal 16 2a.
Na treoirlínte agus na moltaí, ní bheidh siad ag tagairt d’eilimintí gníomhartha reachtacha ná á n-athlua amháin. Sula n-eiseofar treoirlíne nó moladh, déanfaidh an tÚdarás na treoirlínte agus na moltaí atá ann cheana a athbhreithniú ar dtús chun aon dúbailt a sheachaint.
Airteagal 16 3.

Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na hinstitiúidí airgeadais gach iarracht na treoirlínte agus na moltaí sin a chomhlíonadh.

Laistigh de dhá mhí ón tráth a eiseofar treoirlíne nó moladh, tabharfaidh gach údarás inniúil daingniú i dtaobh an bhfuil an treoirlíne nó an moladh sin á comhlíonadh nó á chomhlíonadh aige nó an bhfuil sé beartaithe aige an treoirlíne nó an moladh sin a chomhlíonadh. I gcás nach bhfuil treoirlíne nó moladh á comhlíonadh nó á chomhlíonadh ag údarás inniúil, nó i gcás nach mbeartaíonn sé treoirlíne nó moladh a chomhlíonadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Údarás agus luafaidh sé na cúiseanna atá aige leis sin.

I gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil an treoirlíne nó an moladh sin, nó nach mbeartaíonn údarás inniúil an treoirlíne nó an moladh sin a chomhlíonadh, foilseoidh an tÚdarás an méid sin. Féadfaidh an tÚdarás a chinneadh freisin, de réir gach cáis ar leith, na cúiseanna a sholáthraíonn an t-údarás inniúil i leith neamhchomhlíonadh na treoirlíne nó an mholta sin a fhoilsiú. Cuirfear fógra chuig an údarás inniúil roimh ré maidir le foilsiú den sórt sin.

Má cheanglaítear amhlaidh leis an treoirlíne nó leis an moladh sin, déanfaidh na hinstitiúidí airgeadais tuairisciú, ar shlí shoiléir mhionsonraithe, i dtaobh an gcomhlíonann siad an treoirlíne nó an moladh sin.

Airteagal 16 4.
Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5), cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus don Choimisiún ar an eolas maidir leis na treoirlínte arna n-eisiúint.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1094
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.