+Airteagal 16b Ceisteanna agus Freagraí
---+Airteagal 16b 1.
---+Airteagal 16b 2.
---+Airteagal 16b 3.
---+Airteagal 16b 4.
---+Airteagal 16b 5.

Airteagal 16b Ceisteanna agus Freagraí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16b 1.
Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo, maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm praiticiúil nó cur chun feidhme fhorálacha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), gníomhartha gaolmhara tarmligthe agus cur chun feidhme, agus treoirlínte agus na moltaí a glacadh de bhun na ngníomhartha reachtacha sin, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear na húdaráis inniúla agus institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, iad a chur faoi bhráid an Údaráis in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.

Sula gcuirfidh siad ceist faoi bhráid an Údaráis, déanfaidh na hinstitiúidí airgeadais a mheas an gcuirfidh siad an cheist i dtosach ar a n-údarás inniúil.

Sula bhfoilseofar freagraí ar cheisteanna inghlactha, féadfaidh an tÚdarás tuilleadh soiléirithe a lorg ar cheisteanna a chuireann an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach dá dtagraítear sa mhír seo.

Airteagal 16b 2.
Beidh na freagraí ón Údarás ar na ceisteanna dá dtagraítear i mír 1 neamhcheangailteach. Cuirfear an freagra sin ar fáil sa teanga céanna inar cuireadh an cheist.
Airteagal 16b 3.
Bunóidh agus coimeádfaidh an tÚdarás uirlis ghréasánbhunaithe a bheidh ar fáil ar a shuíomh gréasáin chun ceisteanna a chlárú agus gach ceist a fhoilsiú go tráthúil a luaithe a gheobhar an cheist sin, mar aon le freagraí ar gach ceist inghlactha de bhun mhír 1, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na ndaoine sin nó go mbeadh rioscaí ag baint leis sin don chobhsaíocht an chórais airgeadais. Féadfaidh an tÚdarás ceisteanna nach bhfuil sé beartaithe aige a fhreagairt a dhiúltú. Foilseoidh an tÚdarás ceisteanna diúltaithe ar a shuíomh gréasáin go ceann dhá mhí.
Airteagal 16b 4.
Féadfaidh triúr comhaltaí vótála den Bhord Maoirseoirí a iarraidh ar an mBord Maoirseoirí a chinneadh de bhun Airteagal 44 an dtabharfar aghaidh ar shaincheist na ceiste inghlactha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo sna treoirlínte de bhun Airteagal 16, comhairle a iarraidh ón nGrúpa Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37, athbhreithniú a dhéanamh ar cheisteanna agus freagraí ag eatraimh iomchuí, comhairliúcháin oscailte phoiblí a sheoladh nó anailísiú a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na ndréachtcheisteanna agus na ndréachtfhreagraí lena mbaineann nó i ndáil leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. I gcás ina mbeidh ón nGrúpa Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37 rannpháirteach iontu sin, beidh feidhm ag dualgas rúndachta.
Airteagal 16b 5.
Cuirfidh an tÚdarás ceisteanna ar aghaidh chuig an gCoimisiún, ceisteanna lena dteastaíonn léirmhíniú maidir le dlí an Aontais. Foilseoidh an tÚdarás aon fhreagraí a chuirfidh an Coimisiún ar fáil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1094
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.