+Airteagal 29 Cultúr coiteann maoirseachta
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
|
Airteagal 29 Cultúr coiteann maoirseachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
Beidh ról gníomhach ag an Údarás maidir le cultúr coiteann maoirseachta Aontais agus maidir le cleachtais chomhsheasmhacha mhaoirseachta a fhorbairt agus, chomh maith leis sin, maidir lena áirithiú go bhfuil nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus cur chuige comhsheasmhach ann ar fud an Aontais. Déanfaidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad:
(a)
tuairimí a thabhairt do na húdaráis inniúla;
▼M2
(aa)
tosaíochtaí Maoirseachta Straitéiseacha an Aontais a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 29a;
(ab)
grúpaí comhordaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 45c chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus chun na cleachtais is fearr a shainaithint;
▼M2
(b)
malartú éifeachtach faisnéise idir na húdaráis inniúla a chur chun cinn, ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach, ar faisnéis í a bhaineann leis na saincheisteanna ábhartha uile, lena n-áirítear an chibearshlándáil agus cibear-ionsaithe, agus lánurraim á tabhairt do na forálacha infheidhme rúndachta agus cosanta sonraí dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais;
▼B
(c)
rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin mhaoirseachta aonfhoirmeacha agus ardcháilíochta, lena n-áirítear caighdeáin maidir le tuairisciú, agus ar chaighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 1(3);
▼M4
(d)
athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí sin, lena n-áirítear leasuithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i)
deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach nó imithe i léig agus costais a íoslaghdú, agus inúsáidteacht sonraí agus cáilíocht sonraí á gcaomhnú;
(ii)
ceanglais chomhréireacha agus chomhsheasmhacha maidir le tuairisciú agus nochtadh a áirithiú; agus
(iii)
aghaidh a thabhairt ar bhearnaí rialála a bhaineann le ceanglais tuairiscithe agus nochta;
▼M2
(e)
cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, lena n-áirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta, foirmeacha éagsúil comharchumann agus cumann frithpháirteach malartuithe pearsanra a éascú agus údaráis inniúla a spreagadh chun cur leis an úsáid a bhaintear as scéimeanna iasachta foirne agus as uirlisí eile; agus
▼M2
(f)
córas faireacháin a chur ar bun chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí ábhartha comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus comhaontú Pháras le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide á chur san áireamh.
|
|
Airteagal 29 2.
|
Féadfaidh an tÚdarás, de réir mar is iomchuí, ionstraimí agus uirlisí nua praiticiúla cóineasúcháin a fhorbairt chun cuir chuige choiteanna agus cleachtais choiteanna a chur chun cinn i ndáil le maoirseacht. Chun cultúr maoirseachta coiteann a chur ar bun, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar maoirseachta don Aontas a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas, ag cur san áireamh go cuí cineál, scála agus castacht na rioscaí, na cleachtais ghnó, samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí airgeadais agus na margaí. Leagfar amach sa lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais dea-chleachtais agus sonrófar modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta. Déanfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na tuairimí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, uirlisí agus ionstraimí dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh sé anailísiú ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann freisin. Beidh comhairliúcháin agus anailísí den sórt sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtuairimí nó na n-uirlisí agus na n-ionstraimí. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás comhairle ón Ghrúpa Geallsealbhóirí is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37 freisin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1094
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|