|
+Airteagal 29a Tosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha an Aontais |
Airteagal 29a Tosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha an AontaisAirteagal 29a Tosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha an Aontais Tar éis plé sa Bhord Maoirseoirí agus tuairimí ó údaráis inniúla, an obair atá déanta cheana ag institiúidí an Aontais, agus anailísiú, rabhaidh agus moltaí arna bhfoilsiú ag BERS á gcur san áireamh, sainaithneoidh an tÚdarás, gach trí bliana ar a laghad agus faoin 31 Márta, suas le dhá thosaíocht a bheidh ábhartha ar fud an Aontais agus iad ina léiriú ar fhorbairtí agus treochtaí a bheidh ann amach anseo. Déanfaidh na húdaráis inniúla na tosaíochtaí sin a chur san áireamh agus a gcláir oibre á dtarraingt suas acu agus tabharfaidh siad fógra don Údarás dá réir sin. Pléifidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí ábhartha a bheidh le déanamh an bhliain dár gcionn ag na údaráis inniúla agus tiocfaidh sé ar chonclúidí. Déanfaidh an tÚdarás plé ar an obair leantach a bhféadfadh treoirlínte, moltaí d’údaráis inniúla, agus athbhreithnithe piaraí, sa limistéar faoi seach a bheith ina gcuid di. Leis na tosaíochtaí is ábhartha ar fud an Aontais arna sainaithint ag an Údarás ní chuirfear bac ar údaráis inniúla a ndea-chleachtais a chur i bhfeidhm, ag gníomhú ar a dtosaíochtaí agus ar fhorbairtí náisiúnta breise, agus beidh sainiúlachtaí náisiúnta san áireamh iontu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|