|
+Airteagal 32 2. |
Airteagal 32 2.Déanfaidh an tÚdarás measúnuithe ar fud an Aontais a thionscnamh agus a chomhordú ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais i leith forbairtí díobhálacha sa mhargadh. Chuige sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas a fhorbairt:
(a)
modheolaíochtaí comhchoiteanna chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag cásanna eacnamaíocha ar staid airgeadais institiúid airgeadais agus rioscaí a eascraíonn as forbairtí díobhálacha á gcur san áireamh inter alia;
(aa)
modheolaíochtaí coiteanna lena sainaithnítear institiúidí airgeadais a áireofar i measúnuithe ar fud an Aontais;
(b)
cur chuige coiteann cumarsáide maidir le torthaí na measúnuithe sin ar chumas na n-institiúidí airgeadais chun déileáil le forbairtí dochracha;
(c)
modheolaíochtaí coiteanna chun measúnú a dhéanamh ar éifeacht táirgí áirithe nó éifeacht próiseas dáiliúcháin áirithe ar staid airgeadais institiúide agus ar shealbhóirí polasaí, ar chomhaltaí scéimeanna pinsin acu, ar thairbhithe agus ar fhaisnéis do chustaiméirí;
(d)
modheolaíochtaí coiteanna lena ndéantar meastóireacht ar an éifeacht a bhíonn ag rioscaí comhshaoil ar chobhsaíocht institiúidí airgeadais. Chun críocha na míre seo, comhoibreoidh an tÚdarás le BERS. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|