+Airteagal 33 Caidreamh idirnáisiúnta lena n-áirítear coibhéis
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 4.
---+Airteagal 33 5.
---+Airteagal 33 6.
|
Airteagal 33 Caidreamh idirnáisiúnta lena n-áirítear coibhéis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 1.
|
Gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh an tÚdarás teagmhálacha a fhorbairt agus socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis rialála agus mhaoirseachta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus rialtais tríú tíortha. Ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla leis na socruithe sin i dtaca leis an Aontas agus lena Bhallstáit, ná ní choiscfidh siad Ballstáit agus a n-údaráis inniúla ó shocruithe déthaobhacha nó ó shocruithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tríú tíortha sin. I gcomhréir le gníomh tarmligthe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849, i gcás ina mbeidh tríú tír ar liosta na ndlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcóras náisiúnta frithsciúrtha airgid agus ina gcóras le haghaidh an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais, ní thabharfaidh an tÚdarás na socruithe riaracháin i gcrích le húdaráis rialála agus maoirseachta an tríú tír sin. Ní chuirfidh sin bac ar fhoirmeacha eile comhair idir an tÚdarás agus na húdaráis tríú tír faoi seach d’fhonn na bagairtí ar chóras airgeadais an Aontais a laghdú.
|
|
Airteagal 33 2.
|
Cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisiún cinntí coibhéise a ullmhú i ndáil le córais rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha nuair a gheofar iarraidh shonrach ar chomhairle ón gCoimisiún nó nuair nach mór sin a dhéanamh de réir na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
|
|
Airteagal 33 3.
|
Déanfaidh an tÚdarás faireachán, agus aird faoi leith á tabhairt aige ar a n-impleachtaí i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint sealbhóirí polasaí nó feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar fhorbairtí ábhartha rialála agus maoirseachta, ar chleachtais forfheidhmiúcháin agus ar fhorbairtí sa mhargadh i dtríú tíortha, a mhéid is ábhartha iad do mheasúnuithe riosca-bhunaithe coibhéise, ar ina leith a ghlac an Coimisiún coibhéise de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Ina theannta sin, fíoróidh sé an bhfuil na critéir, ar ar a mbonn a ndearadh na cinntí coibhéise agus ar a leagadh amach aon choinníollacha iontu, an bhfuil siad á gcomhlíonadh fós. Féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an tÚdaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí)ina ndéanfar achoimre ar thorthaí a fhaireacháin ar na tríú tíortha uile. Díreoidh an tuarascáil go háirithe ar na himpleachtaí i dtaca le cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint sealbhóirí polasaí agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí ábhartha maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear sa mhír seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh, ar chosaint sealbhóirí polasaí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill mhíchuí.
|
|
Airteagal 33 4.
|
Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt de mhír 1 den Airteagal seo, comhoibreoidh an tÚdarás, i gcás inar féidir é, leis na húdaráis inniúla ábhartha, agus freisin, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis inniúla ábhartha tríú tíortha ar sainaithníodh a gcórais rialála agus maoirseachta a bheith coibhéiseach. I bprionsabal, leanfar den chomhar sin ar bhonn socruithe riaracháin a tugadh i gcrích le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin. Nuair bheidh an tÚdarás i mbun caibidlíochta faoi na socruithe riaracháin sin, féachfaidh sé chuige go gcuirfear forálacha maidir leis an méid seo a leanas san áireamh:
(a)
na sásraí lenar féidir leis an Údarás faisnéis ábhartha a fháil, lena n-áirítear faisnéis ar an gcóras rialála, an cur chuige maoirseachta, forbairtí margaidh ábhartha agus aon athruithe a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcinneadh coibhéise;
(b)
a mhéid is gá chun an obair leantach a dhéanamh i dtaca le cinntí coibhéise den sórt sin, na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear, i gcás inar gá, rannpháirtíocht i gcigireachtaí ar an láthair
Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas, má dhiúltaíonn údarás inniúil tríú tír na socruithe riaracháin sin a thabhairt i gcrích nó má dhiúltaíonn sé comhoibriú go héifeachtach.
|
|
Airteagal 33 5.
|
Féadfaidh an tÚdarás socruithe riaracháin samplacha a fhorbairt chun cleachtais maoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur ar bun san Aontas agus chun an comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a dhaingniú. Déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall na socruithe samplacha sin a leanúint. Cuirfidh an tÚdarás isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5) faisnéis ar na socruithe riaracháin a comhaontaíodh le húdaráis maoirseachta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó le lucht riaracháin i dtríú tíortha agus an cúnamh a thug an tÚdarás don Choimisiún maidir le hullmhú cinntí coibhéise agus an faireachán a rinne an tÚdarás i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 33 6.
|
Cuirfidh an tÚdarás, de réir na gcumhachtaí atá aige de bhun an Rialacháin seo agus de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), cuirfidh sé le hionadaíocht aontaithe, chomhchoiteann, chomhsheasmhach agus éifeachtach leasanna an Aontais i bhfóraim idirnáisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1094
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|