|
+Airteagal 33 3. |
Airteagal 33 3.Déanfaidh an tÚdarás faireachán, agus aird faoi leith á tabhairt aige ar a n-impleachtaí i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint sealbhóirí polasaí nó feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar fhorbairtí ábhartha rialála agus maoirseachta, ar chleachtais forfheidhmiúcháin agus ar fhorbairtí sa mhargadh i dtríú tíortha, a mhéid is ábhartha iad do mheasúnuithe riosca-bhunaithe coibhéise, ar ina leith a ghlac an Coimisiún coibhéise de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Ina theannta sin, fíoróidh sé an bhfuil na critéir, ar ar a mbonn a ndearadh na cinntí coibhéise agus ar a leagadh amach aon choinníollacha iontu, an bhfuil siad á gcomhlíonadh fós. Féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an tÚdaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí)ina ndéanfar achoimre ar thorthaí a fhaireacháin ar na tríú tíortha uile. Díreoidh an tuarascáil go háirithe ar na himpleachtaí i dtaca le cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint sealbhóirí polasaí agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí ábhartha maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear sa mhír seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh, ar chosaint sealbhóirí polasaí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill mhíchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|