Faoi réir rúndachta gairmiúla, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 70 den Rialachán seo, soláthróidh an tÚdarás gach faisnéis is gá do na Grúpaí Geallsealbhóirí agus áiritheoidh sé go mbeidh tacaíocht leordhóthanach rúnaíochta ann dóibh. Déanfar cúiteamh leordhóthanach a thabhairt do chomhaltaí de na Grúpaí Geallsealbhóirí ar ionadaithe iad de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara, gan ionadaithe tionsclaíochta a áireamh. Cuirfear san áireamh sa chúiteamh sin obair ullmhúcháin agus obair leantach na gcomhaltaí agus beidh sé comhionann ar a laghad le rátaí aisíocaíochta na n-oifigeach de bhun Theideal V, Chaibidil 1, Chuid 2 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (
14
) ón gComhairle (na Rialacháin Foirne). Féadfaidh na Grúpaí Geallsealbhóirí meithleacha a bhunú i ndáil le saincheisteanna teicniúla. Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus an Ghrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde ar feadh tréimhse ceithre bliana, agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.
▼B
Féadfaidh comhaltaí na nGrúpaí Geallsealbhóirí fónamh ar feadh dhá théarma i ndiaidh a chéile.