|
+Airteagal 38 3. |
Airteagal 38 3.I gcás ina measann Ballstát go gcuireann cinneadh arna dhéanamh faoi Airteagal 18(3) isteach ar a fhreagrachtaí fioscacha, féadfaidh sé, laistigh de thrí lá oibre tar éis fógra faoi chinneadh an Údaráis a thabhairt don údarás inniúil, fógra a thabhairt don Údarás, don Choimisiún agus don Chomhairle á rá nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh a chur chun feidhme. San fhógra sin ón mBallstát, tabharfaidh sé míniú soiléir sonrach i dtaobh cén fáth go gcuireann an cinneadh isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha agus cén tslí ina gcuireann sé isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha. I gcás fógra den sórt sin a bheith ann, déanfar cinneadh an Údaráis a chur ar fionraí. Déanfaidh an Chomhairle, laistigh de dheich lá oibre, cruinniú a chomóradh agus cinneadh a dhéanamh, trí thromlach simplí dá comhaltaí, i dtaobh an gcúlghairfear cinneadh an Údaráis. Más rud é, tar éis don Chomhairle an t-ábhar a bhreithniú, nach ndéanfaidh sí cinneadh chun cinneadh an Údaráis a chúlghairm, i gcomhréir leis an gceathrú fomhír, déanfar fionraí chinneadh an Údaráis a fhoirceannadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|