+Airteagal 1 Bunú agus raon feidhme
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
---+Airteagal 1 3a.
---+Airteagal 1 4.
---+Airteagal 1 5.
---+Airteagal 1 6.
|
Airteagal 1 Bunú agus raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Bunaítear leis an Rialachán seo Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (‘an tÚdarás’ anseo feasta).
|
|
Airteagal 1 2.
|
►M7
Gníomhóidh an tÚdarás laistigh de na cumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus laistigh de raon feidhme Threoracha 97/9/CE, 98/26/CE, 2001/34/CE, 2002/47/CE, 2004/109/CE, 2009/65/CE, Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
), Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
), Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
), Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
), Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
) agus a mhéid atá feidhm ag na gníomhartha sin maidir le gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó maidir le gnóthais chomhinfheistíochta a dhéanann margaíocht ar a n-aonaid nó ar a scaireanna, eisitheoirí nó táirgeoirí cripteashócmhainní, daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu nó soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, laistigh de na codanna ábhartha de Threoracha 2002/87/CE agus 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d’aon ghníomh breise de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás. ◄
|
|
Airteagal 1 3.
|
Gníomhóidh an tÚdarás i réimse gníomhaíochtaí airgeadais rannpháirtithe margaidh i dtaca le saincheisteanna nach gcumhdaítear go díreach leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear ábhair a bhaineann le rialachas corparáideach, iniúchóireacht, tuairisciú airgeadais, agus samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais á gcur san áireamh aige, ar choinníoll go mbeidh gníomhaíochtaí den sórt sin riachtanach chun a áirithiú go gcuirfear na gníomhartha sin i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach. Déanfaidh an tÚdarás an gníomh cuí freisin i gcomhthéacs tairiscintí táthcheangail, imréitigh agus socraíochta agus saincheisteanna a bhaineann le díorthaigh.
|
|
Airteagal 1 3a.
|
Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do ghníomhartha eile de chuid an Aontais lena dtugtar feidhmeanna an údaraithe agus na maoirseachta agus cumhachtaí comhfhreagracha don Údarás.
|
|
Airteagal 1 4.
|
Beidh forálacha an Rialacháin seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, go háirithe faoi Airteagal 258 CFAE, chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.
|
|
Airteagal 1 5.
|
Is é is cuspóir don Údarás leas an phobail a chosaint trí rannchuidiú a thabhairt maidir le cobhsaíocht agus éifeachtacht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach an chórais airgeadais, ar mhaithe le geilleagar an Aontais, lena shaoránaigh agus lena ghnóthaí. Laistigh de na hinniúlachtaí atá aige féin, rannchuideoidh an tÚdarás i ndéanamh na nithe seo a leanas:
▼B
(a)
feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, lena n-áirítear go háirithe leibhéal fónta, éifeachtach agus comhsheasmhach rialála agus maoirseachta,
(b)
sláine, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a áirithiú,
(c)
comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a neartú,
(d)
arbatráiste rialála a sheachaint agus coinníollacha comhionanna iomaíochta a chur chun cinn,
▼M3
(e)
an rialáil agus an mhaoirseacht iomchuí a áirithiú ar na rioscaí infheistíochta agus ar na rioscaí eile a ghlactar,
(f)
cosaint custaiméirí agus infheisteoirí a fheabhsú,
▼M3
(g)
cóineasú na maoirseachta sa mhargadh inmheánach ina iomláine a fheabhsú.
▼M3
Chun na gcríoch sin, rannchuideoidh an tÚdarás lena áirithiú go gcuirfear na gníomhartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, le cóineasú maoirseachta agus le tuairimí a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 16a, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.
▼B
I bhfeidhmiú na gcúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo, beidh aird ar leith ag an Údarás ar aon riosca sistéamach ionchasach atá ann mar gheall ar rannpháirtithe margaidh airgeadais a bhféadfadh cliseadh ina leith dochar a dhéanamh d’oibriú an chórais airgeadais nó an fhíorgheilleagair.
▼M3
I gcomhlíonadh a chuid cúraimí dó, gníomhóidh an tÚdarás go neamhspleách, go hoibiachtúil agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trédhearcach chun leasa an Aontais ina iomláine, agus urramóidh sé, aon uair is ábhartha, prionsabal na comhréireachta. Beidh an tÚdarás cuntasach agus gníomhóidh sé go hionraic agus áiritheoidh sé go gcaithfear go cothrom le gach páirtí leasmhar.
▼M3
Maidir le hábhar agus foirm na ngníomhaíochtaí agus na mbeart a dhéanfaidh an tÚdarás, go háirithe treoirlínte, moltaí, tuairimí, ceisteanna agus freagraí agus dréachtchaighdeáin rialála, beidh siad i gcomhréir go hiomlán le forálacha infheidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2. A mhéid is ceadmhach agus is ábhartha faoi na forálacha sin, maidir le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó rannpháirtí margadh airgeadais, gnóthais, ábhair eile nó gníomhaíocht airgeadais, a dtéann gníomhaíochtaí agus bearta an Údaráis i bhfeidhm air nó uirthi, beidh sin curtha san áireamh go cuí sa ghníomhaíocht agus sna bearta sin de chuid an Údaráis.
|
|
Airteagal 1 6.
|
Bunóidh an tÚdarás, mar chuid dhílis den Údarás, coiste a dhéanfaidh comhairle a thabhairt don Údarás faoi conas ba cheart a ghníomhaíochtaí agus a bhearta, i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha is infheidhme, difríochtaí sonracha san earnáil a bhaineann le cineál, scála agus castacht na rioscaí ar shamhlacha gnó agus cleachtas gnó agus ar mhéid institiúidí airgeadais agus margaí a mhéid a bheidh na gnéithe sin ábhartha faoi na rialacha a bheidh á mbreithniú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1095
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|