+Airteagal 21 Coláistí maoirseoirí
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
|
Airteagal 21 Coláistí maoirseoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Cuirfidh an tÚdarás feidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí maoirseoirí chun cinn agus déanfaidh sé faireachán ar fheidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí sin faoi raon feidhme a chuid cumhachtaí i gcás ina dtagraítear dó, arna mbunú le gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus déanfaidh sé comhsheasmhacht agus comhleanúnachas a chothú maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais i measc na gcoláistí maoirseoirí. Agus é mar chuspóir aige dea-chleachtais mhaoirseachta a chóineasú, cuirfidh an tÚdarás comhphleananna maoirseachta agus comhscrúduithe chun cinn agus beidh sé de cheart iomlán ag baill foirne an Údaráis a bheith go hiomlán rannpháirteach sa choláiste maoirseoirí agus, dá dhroim sin, beidh siad in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an choláiste maoirseoirí, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair, gníomhaíochtaí arna gcur i gcrích go comhpháirteach ag dhá údarás inniúla nó níos mó.
|
|
Airteagal 21 2.
|
Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir lena áirithiú go bhfeidhmíonn na coláistí maoirseoirí go comhsheasmhach agus comhleanúnach ar mhaithe le hinstitiúidí airgeadais trasteorann ar fud an Aontais, agus aird á tabhairt ar an riosca sistéamach atá ann i leith rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23, agus tionólfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, cruinniú coláiste.
▼B
Chun críche na míre seo agus chun críche mhír 1 den Airteagal seo, measfar gur ‘údarás inniúil’ é an tÚdarás de réir bhrí na reachtaíochta ábhartha.
Féadfaidh an tÚdarás:
(a)
an fhaisnéis ábhartha go léir a bhailiú agus a pháirtiú i gcomhar leis na húdaráis inniúla chun obair an choláiste a éascú agus chun córas lárnach a bhunú agus a bhainistiú chun go mbeidh rochtain ag na húdaráis inniúla sa choláiste ar an bhfaisnéis sin;
▼M3
(b)
tástálacha struis uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 32 chun cumas na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a mheas, go háirithe an riosca sistéamach atá ann i leith na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23, i ndáil le déileáil le forbairtí dochracha margaidh, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtiocfadh méadú ar an riosca sistéamach i staideanna struis a bhaineann le príomh-rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, á áirithiú go gcuirfear modheolaíocht chomhsheasmhach i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta i gcás tástálacha den sórt sin agus, i gcás inarb iomchuí, chun moladh a dhíriú ar an údarás inniúil chun saincheisteanna a shainaithnítear sa tástáil struis a cheartú, lena n-áirítear moladh measúnuithe sonracha a dhéanamh; féadfaidh sé a iarraidh ar údaráis inniúla cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair, agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh sna cigireachtaí sin ar an láthair chun inchomparáideacht agus iontaofacht na modhanna, na gcleachtas agus na dtorthaí measúnuithe uile-Aontais a áirithiú;
▼B
(c)
gníomhaíochtaí maoirseachta éifeachtacha agus éifeachtúla a chur chun cinn, lena n-áirítear na rioscaí a dtagann rannpháirtithe margaidh airgeadais faoina lé, nó a bhféadfadh rannpháirtithe margaidh airgeadais teacht faoina lé a mheas, i staideanna struis;
(d)
i gcomhréir leis na cúraimí agus na cumhachtaí a shonraítear sa Rialachán seo, formhaoirseacht a dhéanamh ar na cúraimí a chuireann na húdaráis inniúla i gcrích; agus
(e)
a iarraidh go ndéanfadh coláiste tuilleadh plé in aon chásanna ina measann sé gurb é a leanfadh as an gcinneadh ná cur i bhfeidhm mícheart dhlí an Aontais nó nach rannchuideodh an cinneadh sin leis an gcuspóir a bhaineann le cóineasú na gcleachtas maoirseachta. Féadfaidh sé freisin a cheangal ar mhaoirseoir an ghrúpa cruinniú a shocrú don choláiste nó mír a chur le clár oibre cruinnithe.
|
|
Airteagal 21 3.
|
Féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt i gcomhréir leis na cumhachtuithe a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 15, chun a áirithiú go bhfuil coinníollacha aonfhoirmeacha cur i bhfeidhm ann i dtaca leis na forálacha a bhaineann le feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí maoirseoirí. Féadfaidh an tÚdarás i gcomhréir le hAirteagal 16 a eisiúint chun cóineasú a chur chun cinn i ndáil leis an bhfeidhmiú maoirseachta agus na dea-chleachtais atá glactha ag na coláistí maoirseoirí.
|
|
Airteagal 21 4.
|
Beidh ról idirghabhála atá ceangailteach le dlí ag an Údarás, ar ról é lena ndéanfar díospóidí idir údaráis inniúla a réiteach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 19. Féadfaidh an tÚdarás cinntí maoirseachta a dhéanamh a bheidh infheidhme go díreach ar an institiúid lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 19.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1095
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|