|
+Airteagal 30 3. |
Airteagal 30 3.Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú piaraí, ach ní bheidh an t-athbhreithniú teoranta dóibh sin amháin:
(a)
a leordhóthanaí atá na hacmhainní, a mhéid neamhspleáchais agus na socruithe rialála atá ag an údarás inniúil, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus leis an acmhainneacht atá ann freagairt ar fhorbairtí sa mhargadh;
(b)
éifeachtúlacht agus méid an chóineasaithe atá bainte amach i dtaca le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus i dtaca le cleachtas maoirseachta, lena n-áirítear caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte agus moltaí arna nglacadh de bhun Airteagal 10 go hAirteagal 16, agus a mhéid a dhéantar na cuspóirí a leagtar amach i ndlí an Aontais a bhaint amach tríd an gcleachtas maoirseachta,
(c)
cur i bhfeidhm na ndea-chleachtas arna bhforbairt ag údaráis inniúla agus a d’fhéadfadh dul chun tairbhe d’údaráis inniúla eile dá nglacfaí iad;
(d)
an éifeachtacht agus méid an chóineasaithe a bhaintear amach i ndáil le forfheidhmiú na bhforálacha arna nglacadh le linn dlí an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile arna bhforchur ar dhaoine freagracha i gcás nach ndéantar na forálacha sin a chomhlíonadh;
(e)
éifeachtacht na gceanglas náisiúnta tuairiscithe agus nochta agus méid cóineasaithe na gceanglas sin arna nglacadh agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm nó á chur chun feidhme, agus saintréithe sonracha na gcreataí dlíthiúla airgeadais náisiúnta á gcur san áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|