+Airteagal 31 Feidhm chomhordúcháin
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
|
Airteagal 31 Feidhm chomhordúcháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
Comhlíonfaidh an tÚdarás ról ginearálta comhordúcháin idir na húdaráis inniúla, go háirithe i staideanna ina bhféadfadh forbairtí dochracha feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas a chur i mbaol.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Cuirfidh an tÚdarás freagairt chomhordaithe de chuid an Aontais chun cinn, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh, inter alia:
▼B
(a)
malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla a éascú;
(b)
cinneadh a dhéanamh maidir le raon feidhme na faisnéise is ceart a chur ar fáil do na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann agus, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, iontaofacht na faisnéise sin a fhíorú;
(c)
gan dochar d’Airteagal 19, idirghabháil neamh-cheangailteach a dhéanamh, arna iarraidh sin ag údaráis inniúla nó ar a thionscnamh féin;
(d)
fógra a thabhairt gan mhoill don BERS maidir le haon staideanna éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ann;
▼M3
(e)
bearta iomchuí a dhéanamh i gcás forbairtí a d’fhéadfadh feidhmiú na margaí airgeadais a chur i mbaol d’fhonn na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh údaráis inniúla ábhartha a chomhordú;
▼M3
(ea)
bearta iomchuí a dhéanamh chun gníomhaíochtaí a dhéanfaidh údaráis inniúla ábhartha a chomhordú d’fhonn cead isteach sa mhargadh a éascú do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar nuálaíocht theicniúil;
▼B
(f)
lárchoimeád a dhéanamh ar fhaisnéis a fhaightear ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 35 mar thoradh ar na hoibleagáidí tuairiscithe rialála atá ann do rannpháirtithe margaidh airgeadais atá gníomhach i níos mó ná Ballstát amháin. Déanfaidh an tÚdarás an fhaisnéis sin a pháirtiú leis na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.
|
|
Airteagal 31 3.
|
Chun cuidiú le bunú cur chuige choitinn Eorpaigh maidir le nuálaíocht teicneolaíochta, cuirfidh an tÚdarás cóineasú maoirseachta chun cinn, le tacaíocht, i gcás inarb iomchuí, ón gCoiste maidir le cosaint tomhaltóirí agus nuálaíocht airgeadais, lena n-éascaítear an bealach do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar nuálaíocht theicneolaíoch chun teacht ar an margadh, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte nó moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1095
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|