|
+Airteagal 31 2. |
Airteagal 31 2.Cuirfidh an tÚdarás freagairt chomhordaithe de chuid an Aontais chun cinn, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh, inter alia:
(a)
malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla a éascú;
(b)
cinneadh a dhéanamh maidir le raon feidhme na faisnéise is ceart a chur ar fáil do na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann agus, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, iontaofacht na faisnéise sin a fhíorú;
(c)
gan dochar d’Airteagal 19, idirghabháil neamh-cheangailteach a dhéanamh, arna iarraidh sin ag údaráis inniúla nó ar a thionscnamh féin;
(d)
fógra a thabhairt gan mhoill don BERS maidir le haon staideanna éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ann;
(e)
bearta iomchuí a dhéanamh i gcás forbairtí a d’fhéadfadh feidhmiú na margaí airgeadais a chur i mbaol d’fhonn na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh údaráis inniúla ábhartha a chomhordú;
(ea)
bearta iomchuí a dhéanamh chun gníomhaíochtaí a dhéanfaidh údaráis inniúla ábhartha a chomhordú d’fhonn cead isteach sa mhargadh a éascú do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar nuálaíocht theicniúil;
(f)
lárchoimeád a dhéanamh ar fhaisnéis a fhaightear ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 35 mar thoradh ar na hoibleagáidí tuairiscithe rialála atá ann do rannpháirtithe margaidh airgeadais atá gníomhach i níos mó ná Ballstát amháin. Déanfaidh an tÚdarás an fhaisnéis sin a pháirtiú leis na húdaráis inniúla eile lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|